Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 19:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Ar an adhbhar sin, fágfaidh fear a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n‐a mhnaoi; agus béidh an bheirt ’n‐a n‐aon fheoil amháin?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 agus go ndúirt, ‘Dá bhrí sin tréigfidh fear a athair agus a mháthair agus cloífidh sé lena bhean, agus déanfar aon den dís?’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Ar an adhbhar seo fágfaidh duine a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n-a mhnaoi, agus béidh an bheirt ina n-aon cholainn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus go ndubhairt sé, Ar a nadhbharsafúigfidh duine a athair agus a mhathair, agus ceangalfuidh sé dhá mhnáoi: agus béid a ráon na neinfhéoil a mhain?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Mar gheall air sin, fágfaidh duine a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n-a mhnaoi, agus beid siad ’n-a mbeirt i n-aon feóil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 agus go ndúirt: ‘Mar gheall air sin, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun a bheith go dlúth i bpáirt lena bhean, agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 agus go ndúirt: ‘Mar gheall air sin, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith go dlúth i bpáirt lena bhean, agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 19:5
19 Tagairtí Cros  

Uime sin, ní beirt iad feasta, acht aon fheoil amháin. D’á bhrigh sin, an nidh do cheangail Dia, ná scaoileadh duine é.


Bíodh bhur ngrádh gan ceilg. Bíodh fuath agaibh do’n olc; claoidhidh leis an gceart.


Nach eol daoibh an té chlaoidheas le méirdrigh gur ab aon fheoil amháin léi é? óir béidh an dias ’n‐a n‐aon fheoil amháin le chéile, adeir sé.


Acht chum striapachas do sheachaint, bíodh a bhean féin ag gach fear, agus bíodh a fear féin ag gach mnaoi.


Ní ag an mnaoi atá ceannas a cuirp féin, acht ag an bhfear; agus ar an gcuma chéadna ní ag an bhfear atá ceannas a chuirp féin, acht ag an mnaoi.


Is ar an adhbhar sin fhágfas fear a athair agus a mháthair, agus chlaoidhfeas sé le n‐a mhnaoi; agus béidh siad araon ’n‐a n‐aon fheoil amháin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí