Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 19:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Uime sin, ní beirt iad feasta, acht aon fheoil amháin. D’á bhrigh sin, an nidh do cheangail Dia, ná scaoileadh duine é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Ní dís iad mar sin ach aon. Ná cuireadh an duine ó chéile ar chuir Dia le chéile.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Dá bhrígh sin, ní dhá cholainn iad feasta, acht aon cholann. An nídh, mar sin, a cheangail Dia, ná scaoileadh duine é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Ar a nadhbharsin ní bhfuilid feasda na ndís, achd na néinfhéoil. Uime sin an ní do cheanguil Díam ná sgáoileadh duine é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 D’á bhrígh sin, ní dhá fheóil iad feasda, ach aon fheóil amháin. Uime sin, an nídh a cheangail Dia ná sgaoileadh duine é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Dá réir sin, ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin. Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia ná scaoileadh duine é.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Dá réir sin, ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin. Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia ná scaoileadh duine é.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 19:6
10 Tagairtí Cros  

Ar an adhbhar sin, fágfaidh fear a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n‐a mhnaoi; agus béidh an bheirt ’n‐a n‐aon fheoil amháin?


Adubhradar‐san leis, Cad chuige, má’s eadh, ar órduigh Maois billéad scaramhna do thabhairt dí, agus a cur chum bealaigh?


D’á bhrigh sin, an nidh atá ceangailte ag Dia, ná scaoileadh duine é.


Óir an bhean go bhfuil fear aici atá sí ceangailte d’á fear do réir dlighe chómh fada agus atá seisean beo, acht má éagann a fear, atá sí scaoilte ó’n dlighe do cheangail le n‐a fear í.


Mar sin bá chóir do na fearaibh grádh do thabhairt d’á mnáibh féin mar thiubhraidís d’á gcorpaibh féin. An té do‐bheir grádh d’á mhnaoi,


Bíodh an pósadh fá onóir ag cách, agus bíodh an leabaidh gan truailleadh: óir bhéarfaidh Dia breitheamhnas ar lucht drúise agus adhaltrannais.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí