Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 19:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Agus adubhairt Íosa le n‐a dheisceablaibh, Go fírinneach adeirim libh, Is ar éigean a rachas duine saidhbhir isteach i ríoghacht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 Agus dúirt Íosa lena dheisceabail, “Deirim go fírinneach libh, go mbeidh sé deacair duamhar dʼfhear saibhir dul isteach i ríocht neimhe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Agus dubhairt Íosa le n-a dheisciobail: Amén adeirim libh, go mbéidh sé deacair ag fear saidhbhir dul isteach i ríoghacht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus a dubhairt Iósa ré na dheisciobluibh, A deirim ribh go fírinneach, gur ab docomhlach rachas duine saidhbhir a steach a ríoghachd neimhe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Agus dubhairt Íosa le n-a dheisgiobuil: Go deimhin adeirim libh, is deacair do’n duine saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhflathas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Deirim libh go fírinneach, beidh sé deacair ar an bhfear saibhir dul isteach i Ríocht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

23 Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Deirim libh go fírinneach, beidh sé deacair ar an bhfear saibhir dul isteach i ríocht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 19:23
25 Tagairtí Cros  

Agus an duine ’n‐ar cuireadh an síol sa drisleach, is é sin an té do‐chluin an briathar; agus tachtann cúram an tsaoghail, agus mealladh an tsaidhbhris an briathar, agus bíonn sé gan toradh.


agus adubhairt sé, Go fírinneach adeirim libh, Muna n‐iompuighidh sibh, agus bheith ar nós na leanbh, ní rachaidh sibh isteach i ríoghacht neimhe ar chor ar bith.


Acht nuair do‐chuala an t‐ógánach na briathra sin, d’imthigh sé agus cumha air, óir ba dhuine é ag a raibh rachmas mór.


Ciaca de’n bheirt seo do‐rinne toil a athar? Adubhradar‐san leis, An chéad fhear. Adubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, go rachaidh na poibleacáin agus na striapacha isteach i ríoghacht Dé rómhaibh‐se.


Óir adeirim libh, muna sáruighidh bhur bhfíréantachtsa fíréantacht na scríobhaidhe agus na bhFairisíneach, nach rachaidh sibh isteach i ríoghacht na bhflaitheas ar chor ar bith.


Agus d’fhéach Íosa ’n‐a thimcheall, agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Nach deacair do lucht saidhbhris dul isteach i ríoghacht Dé!


Agus nuair do chonnaic Íosa é, adubhairt sé, Cad é a dheacracht do lucht saidhbhris dul isteach i ríoghacht Dé!


D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Go fírinneach adeirim leat, Muna ngeintear duine athuair, ní fhéadann sé ríoghacht Dé d’fheicsin.


D’fhreagair Íosa, Go fírinneach adeirim leat, Muna ngeintear duine ó uisce agus ó’n Spiorad, ní fhéadann sé dul isteach i ríoghacht Dé.


ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagadh chum bheith seasamhach san gcreideamh, mar gur tré mórán d’fhulang caithfear ríoghacht Dé do bhaint amach.


Óir cuimhnighidh ar bhur ngairm, a bhráithre, cionnas nach ngairmthear mórán díobh‐san atá glic do réir na feola, ná mórán de lucht cumais, ná mórán de lucht uaisleachta;


Acht is amhlaidh thugabhar easonóir do’n duine bocht. Nach iad na daoine saidhbhre do‐gní leathtrom oraibh, agus nach iad féin tharraingeas isteach i dtigh na cúirte sibh?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí