Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 19:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Adubhairt seisean leo, Do cheaduigh Maois daoibh, mar gheall ar dhúire bhúr gcroidhe, bhúr mná do chur uaibh: acht ní mar sin do bhí an scéal ó thús.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Ar seisean leo, “Is as cruas bhur gcroíthe a lig Maois daoibh bhur mbanchéilí a chur uaibh, ach ní hamhlaidh a bhí ó thús.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Deir seisean leo: Mar gheall ar chruadhas bhur gcroidhthe, cheaduigh Maoise díbh bhur mná a chur ar shiubhal: acht ní mar sin a bhí ó thús.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 A deir seisean riu, Do fhuluing Máosi dháoibhsi ar son cruáis bhur gcroidheadh bhur mná do léigean: achd cheana ní mar sin do bhí se ó thus.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Dubhairt sé leó: Do cheaduigh Maois daoibh-se, toisg an chroidhe cruaidh a bheith agaibh, bhúr mná do chur uaibh; ní raibh an sgéal mar sin, ámhthach, ó thusach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 “Is de dheasca bhur gcroí a bheith stuacach,” ar seisean leo, “a thug Maois cead daoibh bhur mná a scaoileadh uaibh; ach ní mar sin a bhí ó thús.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 “Is de dheasca bhur gcroí a bheith stuacach,” ar seisean leo, “a thug Maois cead daoibh bhur mná a scaoileadh uaibh; ach ní mar sin a bhí ó thús.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 19:8
14 Tagairtí Cros  

Adubhradar‐san leis, Cad chuige, má’s eadh, ar órduigh Maois billéad scaramhna do thabhairt dí, agus a cur chum bealaigh?


Agus adeirim‐se libh, An té chuirfeas uaidh a bhean, acht amháin mar gheall ar striapachas, agus phósfas bean eile, go ndéanann sé adhaltranas: agus an té phósas an bhean do díbrigheadh, go ndéanann seisean adhaltranas.


Agus d’fhreagair Íosa é, agus adubhairt sé leis, leig dó anois: óir is mar so is cuibhe gach dlighe do chóimhlíonadh. Agus do ghéill sé dhó an t‐am sin.


Agus d’iarr na deamhain d’athchuinghe air, Má chaitheann tú amach sinn, cuir isteach i dtréad na muc sinn.


Acht adubhairt Íosa, Is mar gheall ar dhúire bhúr gcroidhe thug sé an aithne sin daoibh.


Fá dheireadh, do thaisbeán sé é féin do’n ao n fhear déag ar fad, agus iad ’n‐a suidhe ag caitheamh bidh; agus do chas sé leo a míchreideamh agus a ndúire croidhe, de bhrigh nár chreideadar na daoine do chonnaic é iar h‐éirghe dhó.


Acht cheana, deirim an méid seo mar dheonú, agus ní mar órdú é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí