Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 19:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Dubhairt sé leó: Do cheaduigh Maois daoibh-se, toisg an chroidhe cruaidh a bheith agaibh, bhúr mná do chur uaibh; ní raibh an sgéal mar sin, ámhthach, ó thusach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Ar seisean leo, “Is as cruas bhur gcroíthe a lig Maois daoibh bhur mbanchéilí a chur uaibh, ach ní hamhlaidh a bhí ó thús.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Deir seisean leo: Mar gheall ar chruadhas bhur gcroidhthe, cheaduigh Maoise díbh bhur mná a chur ar shiubhal: acht ní mar sin a bhí ó thús.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Adubhairt seisean leo, Do cheaduigh Maois daoibh, mar gheall ar dhúire bhúr gcroidhe, bhúr mná do chur uaibh: acht ní mar sin do bhí an scéal ó thús.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 A deir seisean riu, Do fhuluing Máosi dháoibhsi ar son cruáis bhur gcroidheadh bhur mná do léigean: achd cheana ní mar sin do bhí se ó thus.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 “Is de dheasca bhur gcroí a bheith stuacach,” ar seisean leo, “a thug Maois cead daoibh bhur mná a scaoileadh uaibh; ach ní mar sin a bhí ó thús.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 “Is de dheasca bhur gcroí a bheith stuacach,” ar seisean leo, “a thug Maois cead daoibh bhur mná a scaoileadh uaibh; ach ní mar sin a bhí ó thús.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 19:8
14 Tagairtí Cros  

Dubhradar san leis: Cad chuige, má ’seadh, gur órduigh Maois leitir a díbeartha thabhairt di agus í chur chun siubhail?


Ach deirim-se libh, aoinne chuirfidh uaidh a bhean, ach amháin mar gheall ar dhrúis, agus do phósfaidh bean eile, go ndeineann sé adhaltranas; agus an t-é a phósfaidh an bean a díbreadh, go ndeineann sé adhaltranas.


Agus d’fhreagair Íosa é agus dubhairt sé leis: Leig liom anois, óir is mar seo is cóir dúinn gach fíoraontacht do chómhlíonadh. Ansan do ghéill sé dhó.


Agus d’iarr na deamhain achainighe air: Má chuireann tú as so sinn, ar siad, cuir ins na mucaibh sinn.


Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leó: Mar gheall ar dhúire bhúr gcroidhe iseadh do sgríbh sé an aithne sin daoíbh-se.


Fé dheire, bhí an t-aoinne déag acu ’n-a suidhe i bhfochair a chéile, agus thaisbeáin sé é féin dóibh; agus do chas sé leó a ndíthchreideamh agus a ndúrchroidhe, toisg nár chreideadar an mhuintir a chonaic go raibh sé tar éis aiseirighe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí