Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 19:29 - An Bíobla Naofa 1981

29 Agus duine ar bith a d'fhág tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha, nó athair nó máthair, nó bean, nó clann, nó tailte mar gheall ar m'ainm, gheobhaidh sé níos mó faoi chéad agus an bheatha shíoraí mar oidhreacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

29 Agus níl duine dár fhág ina dhiaidh tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha nó athair nó máthair nó leanaí nó tailte, mar gheall ar mʼainmse, nach bhfaighidh a chéad oiread, agus nach mbeidh seilbh aige ar an mbeatha shíoraí.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

29 Agus gach aoinneach dá bhfágfaidh teach, nó dearbhráithre, nó deirbhsheathracha, nó athair, nó máthair, nó bean, nó clann, nó talta, ar son m’ainm-se, gheobhaidh sé a chéad oiread, agus béidh sealbh na beatha síorraidhe aige.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Agus gach duine do thréig tighthe, nó dearbhráithre, nó deirbhsheathracha, nó clann, nó taltaí, ar son m’anma‐sa, gheobhaidh sé a gcéad oiread, agus béidh an bheatha shíorraidhe mar oighreacht aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

29 Agus gidh bé neach do thréig tighthe, nó dearbhráithreacha, nó deirbhsheathracha, nó athair, nó mathair, nó bean, nó clan, nó dúthuidh ar son manmasa, do gheabha sé a chead oirid, agus an bheatha mharthanach mar oidhreachd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus gach duine a dh’fhágfaidh a thigh, nó a dhritháracha, nó a dhriféaracha, nó a athair, nó a mháthair, nó a bhean, nó á chlann, nó a chuid tailimh, ar son m’ainime-se, gheobhaidh sé fó chéad, agus beidh an bheatha shíoruidhe aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

29 Agus duine ar bith a dʼfhág tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha, nó athair nó máthair, nó bean, nó clann, nó tailte mar gheall ar mʼainm, gheobhaidh sé níos mó faoi chéad agus an bheatha shíoraí mar oidhreacht.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 19:29
25 Tagairtí Cros  

tráth cuardaigh, tráth caillte, tráth coimeádta, tráth caite,


Agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é.


Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.”


Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile.


Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é.


Tháinig an duine áirithe seo chuige agus dúirt leis: “A Mháistir, cad é an mhaith atá le déanamh agam chun go mbeadh an bheatha shíoraí agam?”


Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe m'Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain.


Agus imeoidh siad leo, iad seo isteach i bpionós síoraí, ach na fíréin i mbeatha shíoraí.”


“Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt drochrud in bhur leith go bréagach mar gheall ormsa.


Ach déanaigí ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith.


“Má thagann aon duine chugam agus gan fuath a bheith aige dá athair agus dá mháthair agus dá bhean agus dá chlann agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, agus fiú amháin dá anam féin, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.


Agus tharraing siad na báid aníos ar an trá, d'fhág siad gach uile ní agus lean é.


“Is méanar daoibh nuair is fuath le daoine sibh agus nuair a scarfaidh siad amach sibh agus bhur n‑ainm a aithisiú agus a fhógairt mar dhrochainm, mar gheall ar Mhac an Duine.


Dá mba den saol sibh bheadh cion ag an saol ar a chuid féin. Ach de bhrí nach den saol sibh ach go ndearna mise sibh a thoghadh as an saol, uime sin atá fuath ag an saol daoibh.


Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin, agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí, i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóir agus ar an mbuanaí in éineacht.


Taispeánfaidh mise dó a bhfuil le fulaingt aige ar son m'ainmse.”


Mar atá scríofa: “Nithe nach bhfaca súil iad agus nár chuala cluas iad, nithe nár smaoinigh an duine orthu ina aigne, is iad atá ullamh ag Dia dóibh siúd a bheir grá dó.”


As seo amach dá bhrí sin ní dhéanaimid neach ar bith a mheas do réir caighdeáin shaolta. Más ea féin go ndearnamar Críost a mheas de réir an chaighdeáin sin tráth, ní dhéanaimid amhlaidh a thuilleadh.


Agus ní hé sin amháin é ach áirím gur caillteanas gach uile ní le hais an bhua thar barr atá faighte agam: aithne a chur ar Íosa Críost, mo Thiarna. Ar mhaithe leis sin ligeas an t‑iomlán ar ceal, agus tuigtear dom nach raibh ann ach truflais, le go ndéanfainn Críost a ghnóthú


Is méanar daoibh má thugtar aithis daoibh i ngeall ar ainm Chríost, mar go lonnaíonn Spiorad na glóire agus Spiorad Dé oraibh.


Mar gur ar son a ainmsean a ghabh siad bóthar agus gan tada á ghlacadh acu ó na págánaigh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí