Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 19:28 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim libh, sibh-se do lean mé, sa n-aithgheineamhaint, nuair a shuidhfidh Mac an Duine i gcathaoir a ghradaim, súidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 Arsa Íosa leo, “Deirim go fírinneach libh, sa saol úrnua, nuair a shuífidh Mac an duine ar chathaoir a ghlóire, beidh an dream agaibh a bhíodh do mo leanúint in bhur suí ar dhá chathaoir déag ag tabhairt breithiúnais ar dhá threibh déag Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Agus dubhairt Íosa leo: Amén adeirim libh, san aithgheineamhaint, nuair a shuidhfeas Mac an Duine ar chathaoir a ghlóire, sibh-se a lean mise, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir dhéag ag tabhairt bhreitheamhnais ar dhá threibh dhéag Israéil.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Agus dubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, nuair shuidhfeas Mac an Duine i gcathaoir a ghlóire, san aith‐gheineamhain, sibh‐se do lean mé, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag, ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Agus a dubhairt Iósa riu, A deirimsi ribh go deimhin, An tráth shuidhfeas Mac an duine a gcaithír a ghlóire féin, go suidhfidh sibhse, do lean misi ann sa naithgheineamhuin mar an gcéadna ar dhá chaithir dhéag, ag breith breithe ar dhá threibh dhéag Israel.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, san athghiniúint, nuair a bheidh Mac an Duine ina shuí i rí-chathaoir a ghlóire, beidh sibh-se a bhí do mo leanúint in bhur suí freisin in dhá rí-chathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

28 Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, san athghiniúint, nuair a bheidh Mac an Duine ina shuí i ríchathaoir a ghlóire, beidh sibhse a bhí do mo leanúint in bhur suí freisin i dhá ríchathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 19:28
35 Tagairtí Cros  

Óir tá Mac an Duine chun teacht i nglóire a Athar mar aon le n-a aingealaibh; agus ansan tabharfaidh sé do gach duine do réir a ghníomhartha.


Ansan d’fhreagair Peadar agus dubhairt sé: Féach, d’fhágamairne gach nídh, agus do leanamair tusa: Agus cad a bheidh d’á bhárr againn?


Agus dubhairt sé léi: Cad ’tá uait? Dubhairt sí leis: Abair go suidhfid an bheirt mhac so liom-sa, duine acu ar do dheis, agus duine acu ar do chlí ad’ rígheacht.


Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine ’n-a ghradam, agus a aingil go léir i n-aonfheacht leis, suidhfidh sé gncathaoir a ghradaim;


Loirgidh ar dtúis, d’á bhrígh sin, rígheacht Dé agus a fhíoraontacht, agus tabharfar daoibh, leis, na neithe sin go léir.


Agus deir Íosa leis: Táid pluaiseana ag na sionachaibh agus neadacha ag éanlaithibh an aéir, agus ní’l ag Mac an Duine áit ar a leigfeadh sé a cheann.


Agus dubhradar-san: Tabhair dúinn go suidhfeadh duine againn ar do láimh dheis, agus an duine eile ar do láimh chlé, ad’ ghlóire.


An t-é ’nar dual na flathais ’ghá ghlacadh go dtí teacht na dtráth ’na gcurfar gach nídh ’n-a riocht féin airís, mar a labhair Dia tré bhéal a fháidh naomhtha ó thusach an tsaoghail.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí