Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Agus gach aon duine a déarfaidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é; ach an té a mbíonn diamhasla déanta aige in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Agus níl duine dá labhraíonn focal in aghaidh Mhac an duine nach maithfear dó; ach an té a dhéanas diamhasla in aghaidh an Naomh-Spioraid, ní mhaithfear dó.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus gach aoinneach a labhras focal i n-aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é, acht ní mhaithfear do’n té a dhéanfas diamhasla i n-aghaidh an Spioraid Naoimh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus cibé duine labharfas focal i n‐aghaidh Mhic an Duine, maithfear dó é: acht an té adéarfas dia‐mhasladh i n‐aghaidh an Spioraid Naoimh, ní maithfear dó‐san e.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus gidh bé laibheóras focal a naghaidh Mhic an duine, maithfighthear dhó é: achd ní maithfighear don tí laibheóras blaisphéime a naghaidh an Spiorad Náoimh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus aoinne a déarfaidh focal i n-aghaidh Mhic an Duine, maithfar do é; ach an t-é a déanfaidh diamhasla i n-aghaidh an Spioraid Naoimh, ní maithfar dó é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Agus gach aon duine a déarfaidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é; ach an té a dhéanfaidh diamhasla in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:10
7 Tagairtí Cros  

Dúirt Íosa: “A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.” Ansin, ag roinnt a chuid éadaigh eatarthu, chuir siad ar chrainn iad.


cé go mbínn á mhaslú agus á ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus díchreidimh a rinne mé amhlaidh.


Má airíonn éinne a bhráthair ag déanamh peaca nach peaca chun báis é, cuireadh sé an duine sin faoi bhrí na guí agus tabharfaidh [Dia] dó an bheatha don dream nach peaca chun báis a bpeaca. Tá peaca ann ar peaca chun báis é; ní faoina leithéid sin a mholaim an ghuí a dhéanamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí