Lúcás 12 - Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla ChearaCaibidil XII Iarrann Críost orainn sinn féin a choimhéad ar an bhréagchráibhtheacht, ar eagla roimh an tsaoghal, agus ar an tsainnt: agus cómhairligheann sé do gach aoinneach faire a dhéanamh. 1 Agus nuair a bhí sluaighte móra ina seasamh thart, san chruth go raibh siad ag saltairt ar a chéile, thoisigh sé a rádh le n-a dheisciobail: Seachnaigidh deascaidh na bhFairisíneach, ar bhréagchráibhtheacht é. 2 Óir ní fhuil dadamh foluighthe, nach bhfoillseochar, ná aon nídh fá cheilt, nach mbéidh fios air. 3 Óir na neithe a dubhairt sibh san dorchadas, déarfar san tsolus iad, agus an rud a labhair sibh i gcogar ins na seomraí, dhéanfar é a chraobhscaoileadh ar mhullaigh na dtighthe. 4 Agus deirim libh-se, a cháirde liom: Ná bíodh eagla oraibh rompa seo a mharbhas an corp, agus nach féidir leo níos mó a dhéanamh ina dhiaidh sin. 5 Acht taisbeánfaidh mé díbh cé roimhe a mbéidh eagla oraibh: bíodh eagla oraibh roimh an té a bhfuil cumhacht aige duine a chur go h-ifreann, i ndiaidh é a mharbhadh. Seadh, deirim libh, bíodh eagla oraibh roimhe-sean. 6 Nach ndíoltar cúig gealbháin ar dhá fheoirling? Agus ní dhéan Dia dearmad d’aon chionn amháin acu. 7 Acht tá cómháireamh fosta ar ruibeacha bhur gcinn go h-uile. Ar an adhbhar sin, ná bíodh eagla oraibh: is feárr sibh-se ná mórán gealbhán. 8 Agus deirim libh: cibé ar bith a admhóchas mise ós cómhair na ndaoine, admhóchaidh Mac an Duine eisean fosta ós cómhair aingle Dé. 9 Acht an té a shéanfas mise ós cómhair na ndaoine, séanfar é ós cómhair aingle Dé. 10 Agus gach aoinneach a labhras focal i n-aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é, acht ní mhaithfear do’n té a dhéanfas diamhasla i n-aghaidh an Spioraid Naoimh. 11 Agus nuair a bhéarfas siad isteach ins na sineagóga sibh, agus ós cómhair na n-uachtarán agus lucht cumhachta, ná bíodh imnidhe oraibh fá’n dóigh ná fá’n nídh a fhreagróchas sibh, ná cad é a déarfas sibh. 12 Óir múinfidh an Spiorad Naomh díbh an uair chéadna sin cad é is cóir díbh a rádh. 13 Agus dubhairt duine de’n tsluagh leis: A Mháighistir, abair le mo dhearbhráthair an oighreacht a roinn liom. 14 Acht dubhairt seisean leis: A dhuine, cé thogh mise mo bhreitheamh nó mo roinnteoir oraibh? 15 Agus dubhairt sé leo: Tabhairigidh aire agus seachnaigidh an uile shainnt, óir ní i bhflúirse na neithe a bhíos i seilbh duine atá a bheatha. 16 Agus labhair sé samhlaoid leo, ag rádh: Thug talamh dhuine shaidhbhir áirithe toradh líonmhar uaidh. 17 Agus mheabhruigh sé leis féin, ag rádh: Cad é dhéanfas mé? Óir ní fhuil áit agam le mo thortha a chruinniughadh. 18 Agus dubhairt sé: Seo an rud a dhéanfas mé: Leagfaidh mé mo sciobóil, agus tógfaidh mé cinn níos mó, agus cruinneochaidh mé na tortha uilig a d’fhás damh agus mo mhaoin isteach ionnta, 19 Agus déarfaidh mé le m’anam: A anam, tá maoin mhór curtha i dtaiscidh agat i gcómhair mórán bliadhan; déan do scíste, ith, ól, agus bí súgach. 20 Acht dubhairt Dia leis: A amadáin, anocht féin táthar ag iarraidh d’anama ort; agus cé aige a mbéidh na neithe a sholáthruigh tú? 21 Is amhlaidh a bhíos an té a thaiscigheas dó féin, agus nach mbíonn saidhbhir chun Dé. 22 Agus dubhairt sé le n-a dheisciobail: Ar an adhbhar sin, deirim libh, ná bíodh cúram oraibh fá bhur mbeatha, cad é a íosas sibh, ná fá bhur gcorp, cad é a chuirfeas sibh oraibh. 23 Is mó an t-anam ná an biadh, agus is mó an corp ná an t-éadach. 24 Dearcaigidh ar na préacháin, óir ní chuireann siad, ná ní bhaineann siad, agus ní fhuil teach stóir ná scioból acu, agus beathuigheann Dia iad. Nach mó go mór is fiú sibh-se ná iad-san? 25 Agus cé agaibh, le meabhrughadh, a dtig leis aon bhannlámh amháin a chur le n-a áirde? 26 Ar an adhbhar sin, muna bhfuil an rud is lugha ar bhur gcumas, cad chuige a mbíonn cúram oraibh fá na neithe eile? 27 Tabhairigidh fá dear mar a fhásas na lilí: ní shaothruigheann siad, ná ní shníomhann siad; agus deirim libh, nach raibh Salomon féin i n-iomlán a ghlóire cóirighthe mar chionn acu sin. 28 Agus má chóirigheann Dia mar seo an féar atá indiu san ghort, agus a chaithtear isteach san oighean i mbárach: nach mó ná sin a dhéanfas sé díbh-se, a lucht an chreidimh bhig? 29 Agus ná bígidh-se ag fiafruighe cad é íosas sibh, ná cad é ólfas sibh, agus ná bígidh imnidheach. 30 Óir is iad na neithe seo uilig a iarras cinidheacha an domhain. Acht tá a fhiós ag bhur n-Athair go bhfuil na neithe sin do dhíth oraibh. 31 Acht iarraigidh ar dtús ríoghacht Dé agus a fhíréantacht, agus bhéarfar díbh, le n-a chois sin, na neithe seo uilig. 32 Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bhig, óir is é toil bhur n-Athar an ríoghacht a thabhairt díbh. 33 Díolaigidh a bhfuil agaibh, agus tabhairigidh déirc uaibh; déanaigidh díbh féin sparáin nach gcaitheann, stór nach laghduigheann ins na flaithis, áit nach dtig gadaidhe ina gaobhar, agus nach milleann léadhmán. 34 Óir mar a mbíonn bhur stór, is ann fosta a bhéas bhur gcroidhe. 35 Bíodh bhur gcriosa fá bhur gcuim, agus na lampaí ar lasadh i bhur lámha, 36 Agus sibh cosamhail le daoine ag feitheamh le n-a dtighearna go dtigeadh sé ó’n bhainfheis, ionnas, nuair a thiocfadh sé agus bhuailfeadh sé, go bhfoscladh siad láithreach dó. 37 Is beannuighthe na seirbhísigh sin, a bhfuighidh a dtighearna ag déanamh faire iad, nuair a thiocfas sé; amén adeirim libh, go gcuirfidh sé a chrios air, agus bhéarfardh sé ortha suidhe chun bídh, agus ag dul thart dó, dhéanfaidh sé freastal ortha. 38 Agus má thig sé san dara faire, nó má thig sé san tríomhadh faire, agus go bhfuighidh sé mar sin iad, is beannuighthe na seirbhísigh sin. 39 Acht bíodh a fhios agaibh, dá mbéadh a fhios ag fear an tighe cad é an uair a thiocfadh an gadaidhe, is cinnte go ndéanfadh sé faire agus nach leigfeadh sé a theach a thochailt fríd. 40 Bígidh-sé fosta ullamh, óir san uair nach síleann sibh is eadh a thiocfas Mac an Duine. 41 Agus dubhairt Peadar leis: A Thighearna, an linne a deir tú an fáithscéal seo, nó le gach aoinneach mar an gcéadna? 42 Agus dubhairt an Tighearna: Cé h-é, dar leat, an stiubhard dílis críonna, ar chuir a thighearna ós cionn a theaghlaigh é, le n-a dtómhais cruithneachta a thabhairt dóibh i dtráth? 43 Is méanar do’n tseirbhíseach sin, nuair a thiocfas a thighearna, má gheibh sé é ghá dhéanamh sin. 44 Deirim libh go fírinneach, go gcuirfidh sé ós cionn a bhfuil aige é. 45 Acht má deir an seirbhíseach sin ina chroidhe: Tá mo thighearna ag déanamh moille de theacht, agus toiseochaidh sé a bhualadh na mbuachaillí agus na gcailíní aimsire, agus a bheith ag ithe agus ag ól agus ar meisce: 46 Tiocfaidh tighearna an tseirbhísigh sin lá nach mbíonn sé ag dréim leis, agus ar uair nach eol dó, agus scoiltfidh sé é, agus bhéarfaidh sé a chuid dó imeasc na ndaoine gan chreideamh. 47 Agus an seirbhíseach sin, a raibh a fhios aige toil a thighearna, agus nár ullmhuigh é féin, agus nach ndearna do réir a thola, gheobhaidh sé mórán buillí; 48 Acht an té nach raibh a fhios aige, agus a rinne neithe a thuill buillí, buailfear beagán air. Agus gach aoinneach, dár tugadh mórán, éileochar mórán air, agus an té dá dtug siad mórán i dtaiscidh, iarrfaidh siad níos mó air. 49 Tháinic mise a chur teineadh ar an talamh, agus cad é is toil liom acht go lasadh sí? 50 Agus is éigean damh mo bhaisteadh le baisteadh, agus cad é mar tá mé i gcumhangas nó go gcríochnuightear é. 51 An síleann sibh gur chun síothcháin a thabhairt ar an talamh a tháinic mé? Ní h-eadh, deirim libh, acht scaramhaint. 52 Óir san aon tigh feasta béidh cúigear scartha, triúr i n-aghaidh beirte, agus beirt i n-aghaidh triúir. 53 Béidh an t-athair i n-aghaidh an mhic agus an mac i n-aghaidh a athar, an mháthair i n-aghaidh na h-inghine agus an inghean i n-aghaidh na máthar, an mháthair chéile i n-aghaidh bean a mic, agus an bhain-chliamhain i n-aghaidh máthair a fir. 54 Agus dubhairt sé fosta leis na sluaighte: Nuair atchí sibh néall ag éirghe as an áird thiar, deir sibh ar an bhomaite: Tá cioth ag teacht: agus is amhlaidh bhíos. 55 Agus nuair atchí sibh an ghaoth andeas ag séideadh, deir sibh: Béidh teasbhach ann: agus bíonn. 56 A bhréagchráibhtheacha, is eol díbh aghaidh na spéire agus an talaimh a bhreathnughadh, agus cad chuige nach mbreathnuigheann sibh an linn seo? 57 Agus cad chuige nach mbreathnuigheann sibh uaibh féin an nídh atá cóir? 58 Agus nuair a bhíos tú ag dul i n-aoinfheacht le d’eascaraid chuig an uachtarán, déan do dhícheall thú féin a réidhteach uaidh ar an tslighe, ar eagla go dtabharadh sé suas do’n bhreitheamh thú, agus go dtabharadh an breitheamh suas do’n tsirriam thú, agus go gcuireadh an sirriam isteach i bpríosún thú. 59 Deirim leat, ní rachaidh tú amach as sin, go dtí go ndíolaidh tú fiú an chianóg dheireannach. |
rights held by the Bible Society in Northern Ireland
Bible Society in Northern Ireland