Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Fá’n am sin, nuair do bhí na mílte móra ag cruinniú le chéile, i dtreo go rabhadar ag satailt ar a chéile, do thosnuigh sé ar a rádh le n‐a dheisceablaibh ar dtús, Seachnaidh laibhín na bhFairisíneach, is é sin an fuar‐chrábhadh.

2 Acht ní fhuil éinnidh fá chéilt nach nochtfar, ná i bhfolach nach dtiocfaidh chum eolais.

3 D’á bhrigh sin, cibé nidh adubhrabhar sa dorchacht, do‐chluinfear é sa tsolas; agus na neithe adubhrabhar i gcluais sa tseomra istigh, craobhscaoilfear iad ó bhárraibh na dtighthe.

4 Agus adeirim libh, a cháirde, Ná bíodh eagla oraibh rómpa‐san mharbhas an corp, agus nach bhféadann a thuilleadh do dhéanamh ’n‐a dhiaidh sin.

5 Inneosad daoibh cia roimhe a mbéidh eagla oraibh: Bíodh eagla oraibh roimh an té go bhfuil ar chumas dó, tar éis duine do mharbhadh, é chur go h‐ifreann; is eadh, adeirim libh, Bíodh eagla oraibh roimhe‐sean.

6 Nach ndíoltar cúig gealbhain ar dhá fheoirling? agus ní déantar dearmad ar ghealbhan aca i bhfiadhnaise Dé.

7 Acht atá ribí bhúr ngruaige go léir cómhairimhthe. Ná bíodh eagla oraibh: is mó is fiú sibh‐se ’ná mórán gealbhan.

8 Agus adeirim libh, Cibé duine admhóchas mise i bhfiadhnaise na ndaoine, admhóchaidh Mac an Duine eisean i bhfiadhnaise aingeal Dé:

9 acht an té shéanfas mise i bhfiadhnaise na ndaoine, séanfar eisean i bhfiadhnaise aingeal Dé.

10 Agus cibé duine labharfas focal i n‐aghaidh Mhic an Duine, maithfear dó é: acht an té adéarfas dia‐mhasladh i n‐aghaidh an Spioraid Naoimh, ní maithfear dó‐san e.

11 Agus nuair bhéarfas siad i láthair na sionagóg, agus na ngiúistís, agus na n‐uachtarán sibh, ná bíodh ’n‐a imnidhe oraibh cionnas nó cad fhreagróchas sibh, nó cad adéarfas sibh:

12 óir múinfidh an Spiorad Naomh daoibh ar an uair sin cad ba cheart daoibh do rádh.

13 Agus adubhairt duine de’n tsluagh leis, A Mháighistir, abair lem’ dhearbhráthair an oighreacht do roinnt liom.

14 Acht adubhairt seisean leis, A dhuine, cia cheap mise chum bheith im’ bhreitheamh nó im’ mholtóir ós bhúr gcionn?

15 Agus adubhairt sé leo, Tabhraidh aire, agus seachnaidh sibh féin ar an tsainnt: óir ní i bhflúirse a bhfuil aige atá beatha an duine.

16 Agus do labhair sé samhlaoid leo, Thug talamh acfuinnigh éigin toradh mór:

17 agus do‐rinne sé machtnamh ’n‐a aigne g‐á rádh, Créad do‐ghéanad, óir ní fhuil slighe agam chum mo chuid torthaí do chur i dtaisce?

18 Agus adubhairt sé, Is é rud do‐ghéanad: leagfad mo sciobóil, agus tógfad sciobóil bhéas níos mó ’ná iad; agus cuirfead mo chuid arbhair agus mo mhaoin go léir i dtaisce ionnta.

19 Agus adéarfad lem’ anam, A anam, atá dóthain mhór maoine curtha i dtaisce agat i gcómhair mórán bliadhan le teacht; ceap do shuaimhneas, bí ag ithe, agus bí ag ól, agus bí súgach.

20 Acht adubhairt Dia leis, A dhuine gan chéill, éileochar t’anam ort anocht féin; agus cia aige go mbéidh gach a bhfuil curtha le chéile agat?

21 Mar sin do’n té chruinnigheas stór dó féin, agus nach bhfuil saidhbhreas i nDia aige.

22 Agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Ná bíodh imnidhe oraibh i dtaobh bhúr mbeathadh, créad íosfas sibh; ’ná i dtaobh bhúr gcuirp, créad chuirfeas sibh oraibh.

23 Óir is mó an bheatha ’ná an biadh, agus is mó an corp ’ná na h‐éadaighe.

24 Breathnuighidh na fiacha dubha; ní chuireann siad síol, agus ní bhaineann siad fóghmhar; agus ní fhuil taisce ná scioból aca; agus beathuigheann Dia iad: nach mó go mór is fiú sibh‐se ’ná na h‐éanlaithe!

25 Agus ciaca dhíbh‐se d’fhéadfadh, dá mhéid a imnidhe, bannlámh do chur le n‐a aoirde?

26 Mar sin de, muna féidir dhaoibh an nidh is suaraighe do dhéanamh, cad chuige dhaoibh bheith fá imnidhe i dtaobh éinnidh eile?

27 Breathnuighidh na lilí, cionnas fhásas siad; ní dhéanann siad saothar ’ná sníomh; acht adeirim‐se libh, Ní raibh Solamh, ’n‐a ghradam uile, éidighthe mar cheann aca‐san

28 Acht má’s mar sin éidigheas Dia féar an mhachaire, atá ann indiu, agus caithtear san oigheann amárach; nach mó go mór éideochas sé sibh‐se, a lucht an chreidimh bhig?

29 Ná bidhidh, d’á bhrigh sin, g‐á fhiafruighe créad íosfas sibh, agus créad ólfas sibh, agus ná bíodh inntinn chorrach agaibh.

30 Óir is iad sin na neithe go mbíonn cineadhacha an domhain ar a lorg: acht is eol d’bhúr nAthair go bhfuil gábhadh agaibh leis na neithibh sin.

31 Acht loirgidh a ríoghacht‐san, agus do‐bhéarfar na neithe sin daoibh sa mbreis.

32 Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bheag, óir is é toil bhúr nAthar an ríoghacht do thabhairt daoibh.

33 Díolaidh a bhfuil agaibh, agus tabhraidh déirc; déanaidh dhaoibh féin sparáin nach gcaithfear le h‐aois, stór ins na flaitheasaibh nach n‐ídeochar, san áit nach ndruideann gadaidhe i n‐aice leis, agus nach milleann an leamhan ann.

34 Óir an áit ’n‐a mbíonn bhúr stór, is ann bhéas bhúr gcroidhe, chómh maith.

35 Bíodh bhúr gcrioslach fásctha agaibh, agus bhúr lócrainn ar lasadh;

36 agus bidhidh féin mar do bhéadh daoine agus iad ag fuireach ar a dtighearna, go bhfillfidh sé ó’n mbainis; i dtreo, nuair thig sé agus bhuaileas sé, go bhfosclóchaidh siad dó ar an láthair.

37 Is aoibhinn do na seirbhíseachaibh sin go bhfaighidh a dtighearna iad ag áirdeall nuair thiocfas sé: go fírinneach adeirim libh go gcuirfidh sé a chrios air féin, agus go gcuirfidh sé ’n‐a suidhe chum bidh iad, agus go dtiocfaidh sé ag déanamh freastail ortha.

38 Agus má’s le linn an dara, nó le linn an treas faire thiocfas sé, agus go bhfaighidh sé mar sin iad, is aoibhinn dóibh‐sean.

39 Acht bidhidh cinnte dhe seo, dá mbéadh a fhios ag fear an tighe cia an uair a bhí an gadaidhe le teacht, go ndéanfadh sé faire, agus nach leigfeadh sé a theach do bhriseadh.

40 Bidhidh‐se ullamh, mar an gcéadna: óir is ar uair nach bhfuil coinne agaibh leis thiocfas Mac an Duine.

41 Agus adubhairt Peadar, A Thighearna, an dúinne atáir ag innsint na samhlaoide seo nó do chách?

42 Agus adubhairt an Tighearna, Cia h‐é, mar sin, an maor dílis, ciallmhar, go gcuirfidh a thighearna é i mbun a theaghlaigh, chum go dtiubhraidh sé a gcuid bidh dhóibh i dtráth?

43 Is aoibhinn do’n tseirbhíseach úd go bhfaighidh a thighearna g‐á dhéanamh nuair thiocfas sé.

44 Go fírinneach adeirim libh, go gcuirfidh sé é i bhfeighil a bhfuil aige.

45 Acht má deir an seirbhíseach úd ’n‐a chroidhe istigh, Is fada atá mo thighearna gan teacht; agus go dtosnóchaidh sé ar na buachaillí agus ar na cailíní aimsire do bhualadh, agus ar bheith ag ithe agus ag ól, agus ar bheith ar meisce;

46 tiocfaidh tighearna an tseirbhísigh úd an lá nach mbéidh coinne aige leis, agus gearrfaidh sé ó chéile é, agus do‐bhéarfaidh sé a chuid dó i measc luchta dí‐chreidimh.

47 Agus an seirbhíseach úd ag a raibh fios tola a thighearna, agus nach ndearna aon ullmhú, agus nach ndearna de réir a thola, geobhfar go trom air;

48 acht an té úd nach raibh a fhios aige, agus do‐rinne neithe do thuill bualadh, geobhfar air‐sean go h‐éadtrom. Agus an té d’á dtugadh mórán, éileochar mórán air: agus an té gur fágadh mórán ar a chúram aige, iarrfar breis air.

49 Thánag‐sa chum teine do chur ar an talamh, agus créad is mian liom ach í bheith ar lasadh anois féin?

50 Acht atá agam baisteadh le n‐a mbaistfear mé; agus cad é an ceangal atá orm nó go gcóimhlíontar é!

51 An measann sibh gur chum síothchána do chur ar talamh thánag‐sa? Ní h‐eadh, adeirim libh, acht chum easaontais:

52 óir as so amach béidh cúigear i dtigh amháin agus iad i n‐achrann le chéile, triúr i n‐aghaidh beirte, agus beirt i n‐aghaidh trír.

53 Béidh an t‐athair ag cur i n‐aghaidh an mhic, agus an mac i n‐aghaidh an athar; an mháthair i n‐aghaidh na h‐inghine, agus an inghean i n‐aghaidh a máthar; an mháthair chéile i n‐aghaidh mná an mhic, agus bean an mhic i n‐aghaidh máthar a céile.

54 Agus adubhairt sé fós leis na sluaightibh, Nuair do‐chí sibh scamall ag éirghe san iarthar, adeir sibh láithreach, Sin cioth ag teacht; agus bíonn sé amhlaidh.

55 Agus nuair do‐chí sibh an ghaoth andeas ag séideadh, adeir sibh, Béidh brothall ann; agus bíonn.

56 A chealgairí, is eol daoibh gné na talmhan agus na spéire do bhreathnú; acht cad chuige nach eol daoibh gné na h‐aimsire seo do bhreathnú?

57 Agus cad chuige nach mbreathnuigheann sibh uaibh féin an nidh is ceart?

58 Óir, nuair bhíonn tú ag dul i n‐éinfheacht led’ námhaid i láthair an ghiúistís, sa tslighe dhuit, déan do dhícheall chum réidhteach do dhéanamh leis; ar eagla go dtarraingeochadh sé os cómhair an bhreitheamhan thú, agus go dtiubhradh an breitheamh suas do’n fheadhmannach thú, agus go gcuirfeadh an feadhmannach i bpríosún thú.

59 Adeirim leat, Ní thiocfaidh tú amach as, ar chor ar bith, nó go n‐íocair an fheoirling dheiridh.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí