Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:37 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Is aoibhinn do na seirbhíseachaibh sin go bhfaighidh a dtighearna iad ag áirdeall nuair thiocfas sé: go fírinneach adeirim libh go gcuirfidh sé a chrios air féin, agus go gcuirfidh sé ’n‐a suidhe chum bidh iad, agus go dtiocfaidh sé ag déanamh freastail ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

37 Is beannaithe iad na sheirbhísigh a bhfaigheann an máistir ina ndúiseacht iad ag teacht dó; deirim go fíor libh go gcrioslóidh sé é féin agus go gcuirfidh ina suí ag bord iad, agus go dtiocfaidh sé ag freastal orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

37 Is beannuighthe na seirbhísigh sin, a bhfuighidh a dtighearna ag déanamh faire iad, nuair a thiocfas sé; amén adeirim libh, go gcuirfidh sé a chrios air, agus bhéarfardh sé ortha suidhe chun bídh, agus ag dul thart dó, dhéanfaidh sé freastal ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

37 Is beannaighe na searbhfhoghantaidhe úd, do gheibh an tighearna ag déanamh faire an tan do thig sé: a deirim ribh go fírinneach, go gccangalfuigh sé é féin timchioll, agus go gcuirfidh sé iádsan na suidhe chum bidh, agus ar dteachd amach dhó go ndéanuidh sé fríothólamh dhóibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Is aobhinn do sna seirbhísigh sin a gheobhaidh a dTighearna ag déanamh na faire nuair a thiocfaidh sé; go deimhin adeirim libh, cuirfidh sé a chrios uime agus cuirfidh sé ’n-a suidhe iad, agus déanfaidh sé friothálamh ortha sa tímpal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

37 Is méanar do na seirbhísigh sin a bhfaighidh an máistir ag faire iad nuair a thagann. Deirim libh go fírinneach, fáiscfidh sé crios faoi agus cuirfidh ina suí chun boird iad agus rachaidh thart ag freastal orthu.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:37
25 Tagairtí Cros  

Déanaidh‐se faire, d’á bhrigh sin; óir ní fios daoibh cá h‐uair thiocfas bhúr dTighearna.


agus bidhidh féin mar do bhéadh daoine agus iad ag fuireach ar a dtighearna, go bhfillfidh sé ó’n mbainis; i dtreo, nuair thig sé agus bhuaileas sé, go bhfosclóchaidh siad dó ar an láthair.


Is aoibhinn do’n tseirbhíseach úd go bhfaighidh a thighearna g‐á dhéanamh nuair thiocfas sé.


agus nach é adéarfaidh sé leis, Ullmhuigh nidh le n’ite dhom, agus cuir crioslach ort, agus déan friotáileamh orm, go mbéidh ithte agus ólta agam; agus ’n‐a dhiaidh sin íosfair agus ólfair‐se?


Acht bidhidh ag faire i gcómhnaidhe, agus ag guidhe, go mbéidh sé de neart agaibh éalódh ó na neithibh sin uile atá le teacht, agus seasamh i láthair Mhic an Duine.


Óir cia aca is mó, an té atá ’n‐a shuidhe chum bidh, nó an té do‐ghní friotháileamh? Nach é an té atá ’n‐a shuidhe? acht atáim‐se i n‐bhúr measc mar dhuine do‐ghní friotháileamh.


Má ghníonn aoinneach seirbhís damh‐sa, leanadh sé mé; agus an áit ’n‐a mhbím‐se, béidh mo sheirbhíseach ann, chómh maith: má ghníonn duine ar bith seirbhís damh‐sa, do‐bhéarfaidh m’Athair onóir dhó.


acht mar atá scríobhtha, Ní fhaca súil, agus ní chuala cluas, Ní tháinig isteach i gcroidhe an duine, Na neithe do chuir Dia i n‐áirithe do na daoinibh go bhfuil grádh aca dhó.


Óir, im thaobh‐sa, má’s beo dhom, Críost is eadh é, agus má’s marbh dhom, tairbhe is eadh é.


Atáim idir an dá rogha, ag dúil le h‐imtheacht agus bheith i bhfochair Chríost;


óir is mar sin do‐bhéarfar daoibh slighe fhairsing isteach i ríoghacht ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost.


D’á bhrigh sin, a cháirde, ó tá súil leis na neithibh seo agaibh, déanaidh gach iarracht chum go bhfaighfidhe sibh i síothcháin, gan smál, gan locht ’n‐a fhiadhnaise.


Agus do chualas glór ó neamh, g‐á rádh, Scríobh, Is beannuighthe na mairbh do‐gheibh bás san Tighearna ó’n am so feasta: Is eadh, adeir an Spiorad, chum go bhfaighidh siad suaimhneas ó n‐a saothar; óir leanann a ngníomhartha iad.


(Féach, atáim ag teacht ar nós gadaidhe. Is aoibhinn do’n té do‐ghní faire, agus choimheádas a chuid éadaighe, ar eagla go siubhalfadh sé lomnocht, agus go bhfeicfidhe a náire).


An té bheireas buaidh, do‐bhéarfad de chead dó suidhe síos i n‐éinfheacht liom im’ righ‐chathaoir, fá mar rugas féin buaidh, agus do shuidheas síos i n‐éinfheacht lem’ Athair ’n‐a righ‐chathaoir‐sean.


béidh sé ’n‐a aodhaire aca, agus treoróchaidh sé go toibreacha fíor‐uisce na beathadh iad: agus cuimilfidh Dia gach deor d’á súilibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí