Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:37 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Is aobhinn do sna seirbhísigh sin a gheobhaidh a dTighearna ag déanamh na faire nuair a thiocfaidh sé; go deimhin adeirim libh, cuirfidh sé a chrios uime agus cuirfidh sé ’n-a suidhe iad, agus déanfaidh sé friothálamh ortha sa tímpal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

37 Is beannaithe iad na sheirbhísigh a bhfaigheann an máistir ina ndúiseacht iad ag teacht dó; deirim go fíor libh go gcrioslóidh sé é féin agus go gcuirfidh ina suí ag bord iad, agus go dtiocfaidh sé ag freastal orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

37 Is beannuighthe na seirbhísigh sin, a bhfuighidh a dtighearna ag déanamh faire iad, nuair a thiocfas sé; amén adeirim libh, go gcuirfidh sé a chrios air, agus bhéarfardh sé ortha suidhe chun bídh, agus ag dul thart dó, dhéanfaidh sé freastal ortha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Is aoibhinn do na seirbhíseachaibh sin go bhfaighidh a dtighearna iad ag áirdeall nuair thiocfas sé: go fírinneach adeirim libh go gcuirfidh sé a chrios air féin, agus go gcuirfidh sé ’n‐a suidhe chum bidh iad, agus go dtiocfaidh sé ag déanamh freastail ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

37 Is beannaighe na searbhfhoghantaidhe úd, do gheibh an tighearna ag déanamh faire an tan do thig sé: a deirim ribh go fírinneach, go gccangalfuigh sé é féin timchioll, agus go gcuirfidh sé iádsan na suidhe chum bidh, agus ar dteachd amach dhó go ndéanuidh sé fríothólamh dhóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

37 Is méanar do na seirbhísigh sin a bhfaighidh an máistir ag faire iad nuair a thagann. Deirim libh go fírinneach, fáiscfidh sé crios faoi agus cuirfidh ina suí chun boird iad agus rachaidh thart ag freastal orthu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

37 Is méanar do na seirbhísigh sin a bhfaighidh an máistir ag faire iad nuair a thagann. Deirim libh go fírinneach, fáiscfidh sé crios faoi agus cuirfidh ina suí chun boird iad agus rachaidh thart ag freastal orthu.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:37
25 Tagairtí Cros  

Deinidh faire, d’á bhrígh sin; mar ní fios daoibh cad é an uair a thiocfaidh bhúr dTighearna.


Agus sibh mar bheadh daoine a bheadh ag feitheamh le n-a dTighearna go bhfillfeadh sé ó’n mbainis; ionus, nuair a thiocfaidh sé agus bhuailfidh sé, go n-osgalóchaid siad láithreach dó.


Is aoibhinn do’n tseirbhíseach san n-a dtiocfaidh a Thighearna air ag déanamh na h-oibre sin nuair a thiocfaidh sé.


Agus ná déarfaidh leis, Faigh rud le n-ithe dhom, agus criosuigh thu féin agus dein friothálamh orm go mbeidh ithte agus ólta agam, agus ’n-a dhiaidh san déanfair-se ithe agus ól.


Déinidh faire, d’á bhrígh sin, ag dhéanamh úrnuighthe coitchianta, ionus gur bhfiú sibh dul ó sna neithe sin go léir atá te teacht, agus seasamh i láthair Mhic an Duine.


Óir cé’cu is mó, an t-é atá ’n-a shuidhe nó an t-é atá agh friothalamh? Nach é an t-é atá ’n-a shuidhe? Ach táim-se i nbhúr measg ar nós an t-é a dheineann friothalamh.


Má fhriothálann duine mise, leanadh sé mé; agus an áit i n-a bhfuilim-se is ann a bheidh an t-é a fhriothálfaidh. Má dheineann duine friothálamh orm-sa tabharfaidh m’Athair onóir dó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí