Lúcás 12:37 - An Bíobla Naofa 198137 Is méanar do na seirbhísigh sin a bhfaighidh an máistir ag faire iad nuair a thagann. Deirim libh go fírinneach, fáiscfidh sé crios faoi agus cuirfidh ina suí chun boird iad agus rachaidh thart ag freastal orthu. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)37 Is beannaithe iad na sheirbhísigh a bhfaigheann an máistir ina ndúiseacht iad ag teacht dó; deirim go fíor libh go gcrioslóidh sé é féin agus go gcuirfidh ina suí ag bord iad, agus go dtiocfaidh sé ag freastal orthu. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara37 Is beannuighthe na seirbhísigh sin, a bhfuighidh a dtighearna ag déanamh faire iad, nuair a thiocfas sé; amén adeirim libh, go gcuirfidh sé a chrios air, agus bhéarfardh sé ortha suidhe chun bídh, agus ag dul thart dó, dhéanfaidh sé freastal ortha. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)37 Is aoibhinn do na seirbhíseachaibh sin go bhfaighidh a dtighearna iad ag áirdeall nuair thiocfas sé: go fírinneach adeirim libh go gcuirfidh sé a chrios air féin, agus go gcuirfidh sé ’n‐a suidhe chum bidh iad, agus go dtiocfaidh sé ag déanamh freastail ortha. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)37 Is beannaighe na searbhfhoghantaidhe úd, do gheibh an tighearna ag déanamh faire an tan do thig sé: a deirim ribh go fírinneach, go gccangalfuigh sé é féin timchioll, agus go gcuirfidh sé iádsan na suidhe chum bidh, agus ar dteachd amach dhó go ndéanuidh sé fríothólamh dhóibh. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)37 Is aobhinn do sna seirbhísigh sin a gheobhaidh a dTighearna ag déanamh na faire nuair a thiocfaidh sé; go deimhin adeirim libh, cuirfidh sé a chrios uime agus cuirfidh sé ’n-a suidhe iad, agus déanfaidh sé friothálamh ortha sa tímpal. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201237 Is méanar do na seirbhísigh sin a bhfaighidh an máistir ag faire iad nuair a thagann. Deirim libh go fírinneach, fáiscfidh sé crios faoi agus cuirfidh ina suí chun boird iad agus rachaidh thart ag freastal orthu. Féach an chaibidil |