Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XII. Foláramh ag Críost á thabhairt dúinn gan cealgaireacht do déanamh; gan eagla bheith orainn roimis an saoghal; agus bheith i gcómhnuighe ag faire orainn féin.

1 Agus nuair a bhí sluaighte móra ’n-a thímpal, i dtreó go rabhadar ag satailt ar a chéile, do thusnuigh sé ar a rádh le n-a dheisgiobuil; Seachnaidh sibh féin ar ghiost na bhFairisíneach, an nídh is cealgaireacht.

2 Óir ní’l aon rud fé chlúid ná nochtfar, ná i bhfolach ná tiocfaidh chun eóluis.

3 Óir na neithe a dubhrabhair sa doircheacht déarfar sa tsolus iad; agus an rud a dúbhrabhair i gcogar, i seómra, craobhsgaoilfar é ó bharaíbh na dtighthe.

4 Deirim ámhthach, libh-se, a cháirde: Ná bíodh eagla agaibh roimis an muintir a mharbhuigheann an corp, agus ansan ná fuil a thuille acu le déanamh.

5 Ach taisbeánfad daoibh cé roimis n-a mbeidh eagla agaibh: Bhíodh eagla agaibh roimis an t-é, tar éis duine mharbhú, go bhfuil ar a chumas é chur go h-ifreann. Bhíodh, adeirim libh, eagla agaibh roimis sin.

6 Na díoltar chúig gealbhúin ar dhá fheóirlinn? agus ní’l aon ghealbhún acu ann a gan fhios do Dhia. Ní h-eadh, ach tá ruibí bhúr ngruaige go léir cómhrighthe.

7 Ná bíodh eagla oraibh, d’á bhrigh sin. Is mó le rád sibh-se ’ná a lán gealbhún.

8 Agus deirim libh: An uile dhuine d’admhóchaidh mise os cómhair daoine, admhóchaidh Mac an Duine eisean os cómhair aingeal Dé.

9 Agus an t-é a shéanfaidh mise os cómhair daoine, séanfar eisean os cómhair aingeal De.

10 Agus aoinne a déarfaidh focal i n-aghaidh Mhic an Duine, maithfar do é; ach an t-é a déanfaidh diamhasla i n-aghaidh an Spioraid Naoimh, ní maithfar dó é.

11 Agus nuair a bhéarfaid siad isteach sibh ins na sinagógaibh, agus i láthair giúistísí agus daoine cómhach tacha, ná bíodh ceist oraibh i dtaobh cad a fhreagróchaidh sibh, ná conus, ná cad déarfaidh sibh.

12 Óir múinfidh an Spioraid Naomh daoibh, i láthair na h-uaire sin, cad is ceart daoibh a rádh.

13 Agus dubhairt duine de’n tsluagh leis: A Mhaighistir, abair lem’dhritháir an oighreacht do raint liom.

14 Agus dubhairt seisean leis: A dhuine, cé cheap mise am’ breitheamh ná am’ rainneadóir os bhúr gcionn?

15 Agus dubhairt sé leó-san: Féach, seachnaidh gach saint; óir ní sa bhflúirse atá ag aoinne, de sna neithe is leis, atá a bheatha.

16 Ansan do labhair sé soluíd leó, agus dubhairt sé: Thug a chuid tailimh ana-thoradh d’fhear shaidhbhir áirithe.

17 Agus do mhachtnaimh sé i n’ aigne agus dubhairt sé: Cad a dhéanfad? óir ní’l áit agam n-a gcruinneóchad mo chuid torthaí.

18 Agus dubhairt sé: Déanfad so; leagfad mo sgiobóil, agus cuirfead suas sgiobóil a bheidh níos mó ’ná iad, agus cruinneóchad mo thorthaí go léir agus mo mhaoin ionta;

19 Agus déarfaidh mé le m’anam, A anam, tá mórán coda agat i gcóir mórán blian; glac do shuaimhneas; dein ithe agus ól agus súgachas.

20 Ach dubhairt Dia leis: A amadáin, éileófar t’anam ort anocht féin, agus cé aige go mbeidh a bhfuil cruinnighthe agat?

21 Sin mar atá ag an t-é a dheineann stór dó féin agus ná bíonn saidhbhir chun Dé.

22 Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Deirim libh, d’á bhrígh sin, ná bíodh ceist oraibh i dtaobh bhúr n-anama, cad a dh’íosfaidh sibh, ná i dtaobh an chuirp, cad a chlúdóchaidh sibh.

23 Is mó le rádh an t-anam ’ná an bia, agus is mó le rádh an corp ’ná an t-éadach.

24 Féachaidh na fiacha dubha; ní chuirid siad síol agus ní bhainid siad fóghmhar; ní bíonn cúil stórais acu ná sgioból; agus cothuigheann Dia iad. Nach mó go mór le rádh sibh-se ’ná iad san?

25 Cé’cu agaibh-se d’fhéadfadh, le neart machtnaimh air, aon bhanlá amháin do chur le n’aoirde féin?

26 Agus mura féidir daoibh an rud is suaraighe dhéanamh, cad chuige dhaoibh bheith ag ceisneamh i dtaobh aon nídh eile.

27 Féachaidh ar na lilíbh, conus mar a dh’fhásaid siad; ní dheinid siad saothar ná sníomh; agus deirim-se libh-se ná raibh Salomón ’n-a ghradam éidighthe mar ceann acu san.

28 Agus má éidigheann Dia ar an gcuma san an féar atá indiu ar an mbán agus a caithfar sa teine amáireach, nách mó ’ná san [éideóchaidh sé] sibh-se, a lucht an chreidimh shuaraigh?

29 Ná bídhidh-se ag lorg na neithe a dh’íosfaidh sibh ná a dh’ólfaidh sibh, agus ná bíodh eirighe anáirde oraibh.

30 Óir siniad go léir na neithe a bhíonn ag geinte an domhain d’á lorg. Ach is eól d’bhúr n-Athair go bhfuil gádh agaibh leis na neithibh sin.

31 Loirgidh ar dtúis, ámhthach, rígheacht Dé agus a fhíoraontacht, agus gheobhaidh sibh mar thuille na neithe sin go léir.

32 Ná bíodh eagal oraibh, a thréad bheag, óir isé toil bhúr n-Athar an rígheacht a thabhairt daoibh.

33 Díolaidh a bhfuil agaibh agus tugaidh déirc uaibh; deinidh daoibh féin sparáin ná críonfaidh, stór ins na flathais ná caillfidh oraibh; ná guidfidh bitheamhnach uaibh; ná millfidh leómhan oraibh.

34 Óir an áit ’n-a bhfuil bhúr stór is ann a bheidh bhúr gcroidhe.

35 Bíodh bhúr gcriosa fáisgithe agaibh, agus lóchrana ar lasadh i nbhúr lámhaibh.

36 Agus sibh mar bheadh daoine a bheadh ag feitheamh le n-a dTighearna go bhfillfeadh sé ó’n mbainis; ionus, nuair a thiocfaidh sé agus bhuailfidh sé, go n-osgalóchaid siad láithreach dó.

37 Is aobhinn do sna seirbhísigh sin a gheobhaidh a dTighearna ag déanamh na faire nuair a thiocfaidh sé; go deimhin adeirim libh, cuirfidh sé a chrios uime agus cuirfidh sé ’n-a suidhe iad, agus déanfaidh sé friothálamh ortha sa tímpal.

38 Agus má thagann sé sa tarna faire, agus sa trímhadh faire má thagann sé, agus go bhfaghaidh sé mar sin iad, is aoibhinn do sna seirbhísigh sin.

39 Ach bíodh fios an méid seo agaibh, dá mbeadh fhios ag fear tighe cathoin a thiocfadh an bitheamhnach, dhéanfadh sé faire agus ní leigfeadh sé a thigh do bhriseadh.

40 Agus bídhidh-se ollamh, óir ni’l fhios agaibh cathain a thiocfaidh Mac an Duine.

41 Agus dubhairt Peadar leis: A Thighearna, an linne atá an chaint sin agat ’á rádh, nó leis na daoine go léir?

42 Agus dubhairt an Tighearna: Cé h-é, dar leat-sa, an stíobhard dílis ciallmhar á chuir an Tighearna os cionn a theaghlaigh chun a dtómhais cruithneachtan a thabhairt dóibh i dtráth?

43 Is aoibhinn do’n tseirbhíseach san n-a dtiocfaidh a Thighearna air ag déanamh na h-oibre sin nuair a thiocfaidh sé.

44 Deirim libh go fíor go gcuirfidh sé os cionn a choda go léir é.

45 Ach má deir an seirbhíseach san, ’n-a chroidhe féin, Tá mo Thighearna abhfad gan teacht; agus má chromann sé ar na buachaillí agus na cailíní do bhualadh, agus ar ithe agus ar ól agus ar mheisgeóireacht:

46 Tiocfaidh Tighearna an tseirbhísigh sin an lá ná beidh coinne aige leis, agus an uair nách eól dó, agus deighilfidh sé é agus ceapfaidh sé a chuid dó ameasg lucht díthchreidimh.

47 Agus an seirbhíseach san go raibh fios toile a Thighearna aige, agus nár dhein ollamhú, ná beart do réir a thoile, geobhfar air go mór.

48 Ach an t-é ná raibh fhios aige, agus do dhein neithe a thuill bualadh, geobhfar air beagán. Óir an t-é gur tugadh mórán dó, éileófar mórán air; agus an t-é gur thugadar cuid mhór dó le coimeád iarrfaid siad breis air.

49 Chun teine chur ar an dtalamh so iseadh thánag, agus cad ’tá uaim ach go lasfadh sí?

50 Agus tá agam baisteadh le n-a mbaistfar mé, agus cad é mar atáim i gcúmhangracht go dtí go gcómhlionfar é!

51 An dóigh libh gur chun síothchána chur ar an dtalamh so do thánag-sa? Ní h-eadh, adeirim libh, ach chun deighilte.

52 Óir beidh, feasda, cúigear sa n-aon tigh deighilte, triúr i n-aghaidh beirte, agus beirt i n-aghaidh trír.

53 Deighilfar an t-athair i n-aghaidh an mhic agus an mac i n-aghaidh a athar; an mháthair i n-aghaidh na h-inghíne agus an inghean i n-aghaidh na máthar; an mháthair céile i n-aghaidh mná an mhic agus bean an mhic i n-aghaidh máthar a céile.

54 Agus dubhairt sé leis an sluagh: Nuair a chíonn sibh sgamal ag eirighe lastiar, abrann sibh láithreach: Tá cith ag teacht; agus bíonn amhlaidh;

55 Agus (nuair a chíonn sibh) an ghaoth andeas abrann sibh: Beidh brothal ann; agus bíonn.

56 A chealgairí, féadann sibh an spéir agus an talamh do bhreithniú: agus conus ná breithnigheann sibh an aimsir atá ann?

57 Agus cad ’n-a thaobh na breithnigheann sibh uaibh féin an nídh is ceart?

58 Agus nuair a bheidh tú ag dul, i n-aonfheacht led’namhaid, i láthair an phriúnsa, dein do dhícheal chun sgaramhaint leis, le h-eagla go mbéarfadh sé i láthair an bhreithimh tu, agus go dtabharfadh an breitheamh suas tu do’n fheidhmeadóir, agus go gcuirfeadh an feidhmeadóir sa charcair tu.

59 Deirim leat ná tiocfair amach as san go ndíolair an chianóg dheirineach.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí