Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus dubhairt sé leó-san: Féach, seachnaidh gach saint; óir ní sa bhflúirse atá ag aoinne, de sna neithe is leis, atá a bheatha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Agus dúirt sé, “Tugaigí aire agus seachnaígí gach sórt sainte; mar ní ionann maoin an tsaoil dá mhéid agus beatha an duine.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Agus dubhairt sé leo: Tabhairigidh aire agus seachnaigidh an uile shainnt, óir ní i bhflúirse na neithe a bhíos i seilbh duine atá a bheatha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus adubhairt sé leo, Tabhraidh aire, agus seachnaidh sibh féin ar an tsainnt: óir ní i bhflúirse a bhfuil aige atá beatha an duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus a dubhairt sé riú, Feachaidh, agus seachnuidh sibh ar a tsaint: oír ní a níomarcuigh an tsaídhbhris atá ag duine air bith atá a bheatha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Dúirt sé leo ansin: “Bígí ar bhur gcoimeád go haireach ar an uile shórt sainte, óir, fiú amháin an té a mbíonn raidhse aige, ní thugann a chuid maoine aon áirithe ar a shaol dó.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Dúirt sé leo ansin: “Bígí ar bhur gcoimeád go haireach ar an uile shórt sainte, óir, fiú amháin an té a mbíonn raidhse aige, ní thugann a chuid maoine aon áirithe ar a shaol dó.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:15
34 Tagairtí Cros  

Guid, saint, éagcóir, feall, mí-gheanmnaigheacht, droch-shúil, diamhasla, uabhar, mí-chiall.


Ansan do labhair sé soluíd leó, agus dubhairt sé: Thug a chuid tailimh ana-thoradh d’fhear shaidhbhir áirithe.


Agus bhí na Fairisínigh ag éisteacht leis na neithe sin go léir, agus daoine sanntacha b’eadh iad, agus bhíodar ag déanamh magaidh faoi.


Ach tugaidh aire dhaoibh féin sar a raghadh bhúr gcroidhthe i ndúire le craos agus le meisge agus le cúram an tsaoghail seo, agus go dtiocfadh an lá úd go h-obann oraibh.


An chuid ámhthach, a thuit ameasg na sgeach, siniad an mhuintir a d’airigh an focal, ach ag dul dóibh i ndiaidh cúraim agus saidhbhris agus pléisiúir an tsaoghail múchtar iad agus ní thugaid siad toradh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí