Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:42 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Agus dubhairt an Tighearna: Cé h-é, dar leat-sa, an stíobhard dílis ciallmhar á chuir an Tighearna os cionn a theaghlaigh chun a dtómhais cruithneachtan a thabhairt dóibh i dtráth?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 Agus dúirt an Tiarna, “Cá bhfuil an stíobhard dílis eagnaí, a chuirfeas a mháistir os cionn a theaghlaigh, go dtabharfaidh sé a gcuid bia dóibh sa tráth ceart?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 Agus dubhairt an Tighearna: Cé h-é, dar leat, an stiubhard dílis críonna, ar chuir a thighearna ós cionn a theaghlaigh é, le n-a dtómhais cruithneachta a thabhairt dóibh i dtráth?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 Agus adubhairt an Tighearna, Cia h‐é, mar sin, an maor dílis, ciallmhar, go gcuirfidh a thighearna é i mbun a theaghlaigh, chum go dtiubhraidh sé a gcuid bidh dhóibh i dtráth?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Agus a dubhairt an Tighearna, Cía atá na fheadhmannach fhírinneach ghlic, chuirfeas a thighearna ós cionn a mhuinntie féin, ionnus go dtiobhradh sé a miosúr bidh dhóibh na am fein?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

42 Dúirt an Tiarna: “Cé hé más ea, an maor úd atá iontaofa géarchúiseach a gceapfaidh an máistir os cionn a lucht tís é chun a gcion den arbhar a thabhairt dóibh i dtráth?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

42 Dúirt an Tiarna: “Cé hé más ea, an maor úd atá iontaofa géarchúiseach a gceapfaidh an máistir os cionn a lucht tís é chun a gcion den arbhar a thabhairt dóibh i dtráth?

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:42
29 Tagairtí Cros  

Dubhairt sé leó: D’á bhrígh sin, gach sgríbhneóir atá múinte i dtaobh rígheachta na bhflathas, is cosmhail é le fear tighe a thugann amach as a stór neithe nua agus sean-neithe.


Nuair a bhí an tráthnóna ann, dubhairt tighearna an fhiónghuirt le n-a stíbhard: Glaoidh ar an lucht oibre, agus tabhair a dtuarasdal dóibh, agus turnuigh leis an muintir is déanaighe a tháinig, go dtí an mhuintir is luatha a tháinig.


Is aoibhinn do’n tseirbhíseach san n-a dtiocfaidh a Thighearna air ag déanamh na h-oibre sin nuair a thiocfaidh sé.


Agus nuair a chonaic an Tighearna í tháinig truagh aige dhi agus dubhairt sé léi: Ná bhí ag gol.


Agus do ghlaoidh Eóin chuige beirt d’á dheisgiobulaibh, agus chuir sé chun Íosa iad ’ghá rádh: An tusa an t-é a bhí le teacht nó a’ bhfuil orainn feitheamh le duine eile?


Tugaidh aire dhaoibh féin agus do’n tréad go léir, ar ar chuir an Spioraid Naomh sibh i n-bhúr n-easbogaibh ag riaghladh eaglaise Dé a cheannuigh sé le n-a chuid fola féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí