Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:41 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Agus dubhairt Peadar leis: A Thighearna, an linne atá an chaint sin agat ’á rádh, nó leis na daoine go léir?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

41 Arsa Peadar leis, “A Thiarna, an dúinne nó an don uile dhuine atá tú ag insint an fháithscéil seo?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

41 Agus dubhairt Peadar leis: A Thighearna, an linne a deir tú an fáithscéal seo, nó le gach aoinneach mar an gcéadna?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Agus adubhairt Peadar, A Thighearna, an dúinne atáir ag innsint na samhlaoide seo nó do chách?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 Agus a dubhairt Peadar ris, A Thighearna, an linne a deir tú an chosamhlachd so, nó fós ré cach uíle?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

41 Dúirt Peadar ansin: “A Thiarna, an linne atá tú ag tagairt an pharabail seo, nó le cách eile chomh maith?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

41 Dúirt Peadar ansin: “A Thiarna, an linne atá tú ag tagairt an pharabail seo, nó le cách eile chomh maith?”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:41
6 Tagairtí Cros  

Agus an rud a deirim libh-se deirim le gach aoinne é: Deinidh faire.


Agus tháinig sé agus fuair sé ’n-a gcodladh iad. Agus dubhairt sé le Peadar: A Shímóin, an ad’ chodladh ataoí? Nár fheadais faire dhéanamh ar feadh aon uaire amháin?


Agus an seirbhíseach san go raibh fios toile a Thighearna aige, agus nár dhein ollamhú, ná beart do réir a thoile, geobhfar air go mór.


Ach an t-é ná raibh fhios aige, agus do dhein neithe a thuill bualadh, geobhfar air beagán. Óir an t-é gur tugadh mórán dó, éileófar mórán air; agus an t-é gur thugadar cuid mhór dó le coimeád iarrfaid siad breis air.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí