Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:28 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Agus má éidigheann Dia ar an gcuma san an féar atá indiu ar an mbán agus a caithfar sa teine amáireach, nách mó ’ná san [éideóchaidh sé] sibh-se, a lucht an chreidimh shuaraigh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 Ach más mar sin a ghléasas Dia an féar glas atá ag fás go beo sa pháirc inniu agus a bhíos á chaitheamh isteach sa sorn amárach, nach mó go mór a ghléasfaidh sé sibhse, a dhaoine an chreidimh bhig?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Agus má chóirigheann Dia mar seo an féar atá indiu san ghort, agus a chaithtear isteach san oighean i mbárach: nach mó ná sin a dhéanfas sé díbh-se, a lucht an chreidimh bhig?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Acht má’s mar sin éidigheas Dia féar an mhachaire, atá ann indiu, agus caithtear san oigheann amárach; nach mó go mór éideochas sé sibh‐se, a lucht an chreidimh bhig?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Agus má éaduigheann Diá már sin an fér, atá a niu ar an machaire, agus chuithear a márach ann sa núamhaifh; a né nach mó ná sin do dhéana sé dhibhse, a luchd an chreidimh bhig?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 An lus ar an mbán a bhíonn ann inniu agus atá le caitheamh sa sorn amárach, má éadaíonn Dia mar sin é, nach móide go mór dó sibh-se a éadú, a lucht an bheagán creidimh!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

28 An lus ar an mbán a bhíonn ann inniu agus atá le caitheamh sa sorn amárach, má éadaíonn Dia mar sin é, nach móide go mór dó sibhse a éadú, a lucht an bheagán creidimh!

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:28
10 Tagairtí Cros  

Agus do shín Íosa a lámh, agus do rug sé láithreach air, agus dubhairt sé: Ó a fhir gan puínn creidimh, cad chuige dhuit mearbhall a theacht ort?


Agus bhí a fhios san ag Íosa, agus dubhairt sé: A dhaoine gan puínn creidimh, cad é an machtnamh so oraibh toisg gan arán a bheith agaibh?


Agus do smachtuigh Íosa an deamhan, agus d’imthigh sé as, agus bhí an mac leighiste as san amach.


Ach ní curtar amach an sórd so ach le h-úrnuighthe agus le trosgadh.


Má chuireann Dia maise de’n tsórd san ar fhéar an tailimh, atá ann indiu, agus a caithfar sa teine amáireach, nách mó go mór a dhéanfaidh sé dhaoibh-se, a lucht an chreidimh shuaraigh?


Agus dubhairt Íosa leó: Cad is eagal daoibh, a dhaoine gan puinn creidimh? Ansan d’eirigh sé agus dubhairt sé leis an ngaoith agus leis an bhfaraige fanmhaint socair, agus tháinig ciúnas mór.


Agus dubhairt sé leó-san: Cá bhfuil bhúr gcreideamh? Mar bhí eagal ortha agus iongna, agus iad ’ghá rád le n-a chéile, Cad é mar dhuine é seo, go smachtuigheann sé gaoth agus faraige agus go ndeinid siad rud air?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí