Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus adéarfad lem’ anam, A anam, atá dóthain mhór maoine curtha i dtaisce agat i gcómhair mórán bliadhan le teacht; ceap do shuaimhneas, bí ag ithe, agus bí ag ól, agus bí súgach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 Agus déarfaidh mé le mʼanam, A anam liom, tá mórán mór maoine agat curtha i dtaisce le haghaidh mórán blianta; bain dʼaoibhneas as, ith agus ól agus bí go súgach.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

19 Agus déarfaidh mé le m’anam: A anam, tá maoin mhór curtha i dtaiscidh agat i gcómhair mórán bliadhan; déan do scíste, ith, ól, agus bí súgach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus a deara mé réim anam fein, A anaim, ata mórán máoine agad ar na gcur a dtaisge fa chomchair mhórán bliadhan; fan ad chomhnuidhe, ith, ibh, bí go súgach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus déarfaidh mé le m’anam, A anam, tá mórán coda agat i gcóir mórán blian; glac do shuaimhneas; dein ithe agus ól agus súgachas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 agus déarfaidh mé le mʼanam: A anam, tá go leor maitheasaí de chúltaca agat go cionn na mblianta fada: fan go socair, bí ag ithe agus ag ól agus ag aoibhneas.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

19 agus déarfaidh mé le m'anam: A anam, tá go leor maitheasaí de chúltaca agat go cionn na mblianta fada: fan go socair, bí ag ithe agus ag ól agus ag aoibhneas.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:19
39 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt sé, Is é rud do‐ghéanad: leagfad mo sciobóil, agus tógfad sciobóil bhéas níos mó ’ná iad; agus cuirfead mo chuid arbhair agus mo mhaoin go léir i dtaisce ionnta.


Agus do bhí fear saidhbhir ann, ar a mbíodh éadach corcra agus línéadach mín, agus é ag déanamh fleidhe le sáimhe gach lá:


Acht tabhraidh aire dhaoibh féin, ar eagla go mbéidh dúire croidhe oraibh le craos, agus le meisce, agus le cúramaibh an tsaoghail seo, agus go otiocfaidh an lá sin go h‐obann oraibh ar nós gaiste:


Má’s ar nós daoine do throideas le h‐ainmhidhthibh allta i nEiféis, créad é a thairbhe dhom? Muna n‐aiséirigheann na mairbh, ithimís agus ólaimís óir do‐gheobhaimíd bás i mbáireach.


gur ab é a ndamnú a ndeireadh, gur ab é a mbolg a ndia, agus gur ab é a h‐adhbhar maoidhmheachais a náire, dream chuireas a ndúil i neithibh saoghalta.


Acht an bhean chuireas dúil i bpléisiúr, atá sí marbh, agus í ’n‐a beathaidh.


Órduigh do na daoinibh go bhfuil saidhbhreas aca san tsaoghal so gan bheith árd‐aigeantach, gan a muinighin do chur as an saidhbhreas so‐ghluaiseachta, acht as Dia do‐bheir gach nidh go fial dúinn chum ár sástachta:


béidh siad ’n‐a bhfealltóiribh, béidh siad ceanndána, lán d’uabhar, gur mó a ndúil i bpléisiúr ’ná i nDia;


Do chaitheabhar bhur saoghal ar talamh le macnas agus le pléisiúr; do bhí an‐tsásamh croidhe agaibh i ló an áir.


Óir ba leor an t‐am atá imthighthe thart chum toil na bPágánach do dhéanamh, ag siubhal i ndreabhlas, i n‐ainmhiantaibh, i n‐ólachán, i gcraos, i bpótaireacht agus i n‐íodhal‐adhradh déisteanach.


Dá mhéid dár éirigh sí mórtasach, sáitheach i sadhaile, tabhraidh‐se dhi an oiread céadna de chiapadh agus de dhoilgheas: óir adeir sí ’n‐a croidhe, Atáim im’ shuidhe im’ bhainrioghain, ní baintreabhach mé, agus ní fheicfead lá bróin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí