Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus adubhairt sé, Is é rud do‐ghéanad: leagfad mo sciobóil, agus tógfad sciobóil bhéas níos mó ’ná iad; agus cuirfead mo chuid arbhair agus mo mhaoin go léir i dtaisce ionnta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 Agus dúirt sé, ‘Seo an rud a dhéanfas mé, leagfaidh mé mo sciobóil, agus tógfaidh mé sciobóil is mó ná iad; agus cuirfidh mé a bhfuil dʼarbhar agus de mhaoin agam i dtaisce iontu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Agus dubhairt sé: Seo an rud a dhéanfas mé: Leagfaidh mé mo sciobóil, agus tógfaidh mé cinn níos mó, agus cruinneochaidh mé na tortha uilig a d’fhás damh agus mo mhaoin isteach ionnta,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus a dubhairt sé, Do dhéana mé so: leaghfaidh mé mo sgiobóil, agus toigeabhuidh mé sgionóil bhus mó ná íad; agus cruimnéochaidh mé mo thórtha nile agus mo mháoin ionnta.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus dubhairt sé: Déanfad so; leagfad mo sgiobóil, agus cuirfead suas sgiobóil a bheidh níos mó ’ná iad, agus cruinneóchad mo thorthaí go léir agus mo mhaoin ionta;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 Dúirt sé ansin: ‘Is é a dhéanfaidh mé, mo sciobóil a leagan anuas agus cinn níos mó a thógáil, agus an t-arbhar go léir agus mo chuid maitheasaí a chur i dtaisce iontu;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

18 Dúirt sé ansin: ‘Is é a dhéanfaidh mé, mo sciobóil a leagan anuas agus cinn níos mó a thógáil, agus an t‑arbhar go léir agus mo chuid maitheasaí a chur i dtaisce iontu;

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:18
11 Tagairtí Cros  

Breathnuighidh éanlaithe na spéire: ní chuireann siad síol, agus ní bhaineann siad fóghmhar, agus ní chruinnigheann siad éinnidh i sciobólaibh; agus cothuigheann bhúr n‐Athair neamhdha iad. Nach mó is fiú sibh‐se go mór ’ná iad‐san?


agus do‐rinne sé machtnamh ’n‐a aigne g‐á rádh, Créad do‐ghéanad, óir ní fhuil slighe agam chum mo chuid torthaí do chur i dtaisce?


Agus adéarfad lem’ anam, A anam, atá dóthain mhór maoine curtha i dtaisce agat i gcómhair mórán bliadhan le teacht; ceap do shuaimhneas, bí ag ithe, agus bí ag ól, agus bí súgach.


Mar sin do’n té chruinnigheas stór dó féin, agus nach bhfuil saidhbhreas i nDia aige.


Breathnuighidh na fiacha dubha; ní chuireann siad síol, agus ní bhaineann siad fóghmhar; agus ní fhuil taisce ná scioból aca; agus beathuigheann Dia iad: nach mó go mór is fiú sibh‐se ’ná na h‐éanlaithe!


Agus ní dhéanfadh seisean é ar feadh tamaill: acht ’n‐a dhiaidh sin adubhairt sé leis féin, Gidh nach bhfuil eagla Dé orm, ná beann ar dhaoinibh agam;


Agus adubhairt an Tighearna, Éistidh le briathraibh breitheamhan na h‐éagcóra.


Ní h‐í seo an eagnaidheacht thig anuas, acht atá sí talmhaidhe, colnaidhe, deamhnaidhe.


Féacaidh i leith, sibh‐se adeir, Rachaimíd indiu nó i mbárach isteach ’n‐a leithéid sin de chathair, agus caithfimíd bliadhain innti, agus déanfaimíd tráchtáil, agus gheobhaimíd brabach:


Is é rud ba cheart daoibh a rádh ’n‐a ionad sin, Le toil Dé, agus sinn beo, déanfaimíd so nó súd.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí