Lúcás 12:18 - An Bíobla Naofa 198118 Dúirt sé ansin: ‘Is é a dhéanfaidh mé, mo sciobóil a leagan anuas agus cinn níos mó a thógáil, agus an t‑arbhar go léir agus mo chuid maitheasaí a chur i dtaisce iontu; Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)18 Agus dúirt sé, ‘Seo an rud a dhéanfas mé, leagfaidh mé mo sciobóil, agus tógfaidh mé sciobóil is mó ná iad; agus cuirfidh mé a bhfuil dʼarbhar agus de mhaoin agam i dtaisce iontu. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara18 Agus dubhairt sé: Seo an rud a dhéanfas mé: Leagfaidh mé mo sciobóil, agus tógfaidh mé cinn níos mó, agus cruinneochaidh mé na tortha uilig a d’fhás damh agus mo mhaoin isteach ionnta, Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)18 Agus adubhairt sé, Is é rud do‐ghéanad: leagfad mo sciobóil, agus tógfad sciobóil bhéas níos mó ’ná iad; agus cuirfead mo chuid arbhair agus mo mhaoin go léir i dtaisce ionnta. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)18 Agus a dubhairt sé, Do dhéana mé so: leaghfaidh mé mo sgiobóil, agus toigeabhuidh mé sgionóil bhus mó ná íad; agus cruimnéochaidh mé mo thórtha nile agus mo mháoin ionnta. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)18 Agus dubhairt sé: Déanfad so; leagfad mo sgiobóil, agus cuirfead suas sgiobóil a bheidh níos mó ’ná iad, agus cruinneóchad mo thorthaí go léir agus mo mhaoin ionta; Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201218 Dúirt sé ansin: ‘Is é a dhéanfaidh mé, mo sciobóil a leagan anuas agus cinn níos mó a thógáil, agus an t-arbhar go léir agus mo chuid maitheasaí a chur i dtaisce iontu; Féach an chaibidil |