Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Nach ndíoltar cúig gealbhain ar dhá fheoirling? agus ní déantar dearmad ar ghealbhan aca i bhfiadhnaise Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Nach ndíoltar cúig ghealbhan ar dhá phingin? Agus ní ligfear aon ghealbhan corr chun dearmaid os comhair Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Nach ndíoltar cúig gealbháin ar dhá fheoirling? Agus ní dhéan Dia dearmad d’aon chionn amháin acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 A né nach cceannaghthear cúig gnealbhain ar dhá fheórling, agus ni bhfuil áon aca ar dearmad a bhfiádhnuise Dé?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Na díoltar chúig gealbhúin ar dhá fheóirlinn? agus ní’l aon ghealbhún acu ann a gan fhios do Dhia. Ní h-eadh, ach tá ruibí bhúr ngruaige go léir cómhrighthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Nach ndíoltar cúig ghealbhan ar dhá phingin? Agus fiú aon cheann amháin acu, níl ar dearmad i láthair Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Nach ndíoltar cúig gealbhain ar dhá phingin? Agus fiú aon cheann amháin acu, níl ar dearmad i láthair Dé.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:6
8 Tagairtí Cros  

Nach ndíoltar dhá ghealbhan ar fheoirling? Agus ní féidir go dtuitfeadh gealbhan aca chum talmhan gan cead bhúr n‐Athar:


Agus tháinig baintreabhach bhocht amháin, agus do chuir sise isteach ann dá chianóig, do‐ghní feoirling.


Breathnuighidh na fiacha dubha; ní chuireann siad síol, agus ní bhaineann siad fóghmhar; agus ní fhuil taisce ná scioból aca; agus beathuigheann Dia iad: nach mó go mór is fiú sibh‐se ’ná na h‐éanlaithe!


Breathnuighidh na lilí, cionnas fhásas siad; ní dhéanann siad saothar ’ná sníomh; acht adeirim‐se libh, Ní raibh Solamh, ’n‐a ghradam uile, éidighthe mar cheann aca‐san


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí