Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Inneosad daoibh cia roimhe a mbéidh eagla oraibh: Bíodh eagla oraibh roimh an té go bhfuil ar chumas dó, tar éis duine do mharbhadh, é chur go h‐ifreann; is eadh, adeirim libh, Bíodh eagla oraibh roimhe‐sean.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Ach fógróidh mé daoibh cé roimhe ar cheart eagla a bheith oraibh: bíodh eagla oraibh roimh an té sin a mbíonn sé de chumhacht aige, tar éis duine a mharú, a chaitheamh isteach in ifreann; is ea, deirim libh eagla a bheith oraibh roimhe sin!

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Acht taisbeánfaidh mé díbh cé roimhe a mbéidh eagla oraibh: bíodh eagla oraibh roimh an té a bhfuil cumhacht aige duine a chur go h-ifreann, i ndiaidh é a mharbhadh. Seadh, deirim libh, bíodh eagla oraibh roimhe-sean.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Achd foillséochaidh mé dháoibh cía ré a mbia bhur neagla: Bíodh eagla an ti úd oraibh, agá bhfuil cumhachda tair éis duine a mharbhadh a theilgean go hifrionn; a seadh, a deirim ribh, Biodh eagla so oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Ach taisbeánfad daoibh cé roimis n-a mbeidh eagla agaibh: Bhíodh eagla agaibh roimis an t-é, tar éis duine mharbhú, go bhfuil ar a chumas é chur go h-ifreann. Bhíodh, adeirim libh, eagla agaibh roimis sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Ach taispeánfaidh mé daoibh cé is eagal daoibh; bíodh eagla oraibh roimh an té a bhfuil ar a chumas, tar éis an mharaithe, neach a theilgean isteach in Ifreann. Is ea, deirim libh, bíodh eagla oraibh roimhe sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Ach taispeánfaidh mé daoibh cé is eagal daoibh; bíodh eagla oraibh roimh an té a bhfuil ar a chumas, tar éis an mharaithe, neach a theilgean isteach in ifreann. Sea, deirim libh, bíodh eagla oraibh roimhe sin.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:5
16 Tagairtí Cros  

Agus ná bíodh eagla oraibh roimh na daoinibh mharbhas an corp, agus nach bhfuil ar chumas dóibh an t‐anam do mharbhadh: ach bíodh eagla oraibh roimh an té úd gur féidir leis idir anam agus corp do bhascadh i n‐ifreann.


Annsin adéarfaidh sé leo‐san bhéas ar a láimh chlé, Imthighidh uaim, a dhaoine malluighthe, isteach sa teinidh shíorraidhe do h‐ullmhuigheadh do’n diabhal agus d’á ainglibh:


Agus imtheochaidh siad‐so isteach i bpeannaid shíorraidhe: acht imtheochaidh na fíréin isteach sa mbeathaidh shíorraidhe.


Cibé duine atá i bhfeirg le n‐a bhráthair, béidh seisean cionntach do’n bhreitheamhnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a bhráthair, béidh sé cionntach do’n Árd‐chómhairle, agus cibé duine adéarfas, A phleidhce, béidh teine Gehenna tuillte aige.


Acht tabhraidh‐se aire: féach, atá gach nidh mniste agam daoibh roimh ré.


gan a bhráthair do mhealladh nó do shárú san gcás so: óir agrann an Tighearna díoghaltas i ngach cás d’á leithéidibh sin, do réir mar thugamar rabhadh agus fógra ’n‐a dtaobh dhaoibh cheana.


agus arís, Bhéarfaidh an Tighearna breith ar a phobal. Is mór is cúis eagla tuitim idir lámhaibh an Dé bheo.


Óir munar spáráil Dia na h‐aingle féin nuair do rinneadar peacadh, acht gur theilg sé síos go Tartarus iad, agus gur chuir sé go h‐uachaisibh dorchachta iad, chum iad do chongbháil fá chómhair an bhreitheamhnais;


agus dubhairt sé de ghuth árd, Bíodh eagla Dé oraibh, agus tabhraidh glóir dó; óir atá uair a bhreitheamhnais tagtha: agus déanaidh adhradh do’n té do rinne neamh agus talamh agus muir agus toibreacha an uisce.


Cia h‐é nach mbéidh eagla air rómhat, a Thighearna, agus nach dtiubhraidh glóir dot’ ainm? Óir is tusa amháin atá naomhtha; agus tiocfaidh na cinidheacha uile agus sléachtfaidh siad rómhat; óir atá do bhreitheamhnaisí lán‐fhoillsighthe.


Agus do teilgeadh an bás agus Hádes amach i loch na teineadh. Is é seo an dara bás.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí