Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus adeirim libh, a cháirde, Ná bíodh eagla oraibh rómpa‐san mharbhas an corp, agus nach bhféadann a thuilleadh do dhéanamh ’n‐a dhiaidh sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 “Insím daoibh, a dhaoine na páirte, gan eagla a bheith oraibh roimh an dream nach féidir leo ach an cholainn a chur chun báis.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus deirim libh-se, a cháirde liom: Ná bíodh eagla oraibh rompa seo a mharbhas an corp, agus nach féidir leo níos mó a dhéanamh ina dhiaidh sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus a deirim ribhse a chairde, Ná biodh eagla muinntire oraibh mhárbhus an corp, agus na dhiáigh sin leis nach éidir ní sa mhó do dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Deirim ámhthach, libh-se, a cháirde: Ná bíodh eagla agaibh roimis an muintir a mharbhuigheann an corp, agus ansan ná fuil a thuille acu le déanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Ach is libh-se a deirim é, a chairde: ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp agus ina dhiaidh sin nach dtagann leo níos mó a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Ach is libhse a deirim é, a chairde: ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp agus ina dhiaidh sin nach dtagann leo níos mó a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:4
20 Tagairtí Cros  

Agus ná bíodh eagla oraibh roimh na daoinibh mharbhas an corp, agus nach bhfuil ar chumas dóibh an t‐anam do mharbhadh: ach bíodh eagla oraibh roimh an té úd gur féidir leis idir anam agus corp do bhascadh i n‐ifreann.


Ní fhuil grádh ag aon duine is mó ’ná so, go dtiubhradh duine a anam ar son a charad.


Acht ní h‐é m’anam is cás liom, mar bhéadh cion agam air, acht go gcóimhlíonfad mo chúrsa, agus an mhiniostrálacht fuaras ó’n Tighearna Íosa soiscéal grása Dé do chraobhscaoileadh.


Agus nuair chonnacadar Peadar agus Eoin, agus iad chómh dána sin, agus thuigeadar gur daoine gan foghlaim, gan léighean iad, do bhí iongnadh ortha; agus d’aithnigheadar iad, go mbídís i bhfochair Íosa.


gan aon eagla bheith oraibh roimh an dream chuireas ’n‐bhur gcoinnibh: rud atá mar chómhartha cinnte a mbasctha dhóibh‐sean, acht atá mar chómhartha slánuighthe dhaoibh‐se, agus sin ó Dhia;


Agus do chóimhlíonadh an scrioptúir, Agus do chreid Abracham i nDia, agus do h‐áirmheadh dhó é mar fhíréantacht; agus do glaodhadh cara le Dia air.


Acht má fhulaingeann sibh ar son na fíréantachta féin, is aoibhinn daoibh: agus ná bíodh eagla oraibh rómpa‐san, agus ná bíodh buaidhirt oraibh;


Ná bíodh aon eagla ort roimh an méid atá le fulang agat: féach, atá an diabhal ar tí cuid agaibh do chaitheamh isteach i bpríosún chum fromhadh do dhéanamh oraibh; agus béidh sibh fá anró ar feadh deich lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐bhéarfad‐sa coróin na beathadh dhuit.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí