Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 D’á bhrigh sin, cibé nidh adubhrabhar sa dorchacht, do‐chluinfear é sa tsolas; agus na neithe adubhrabhar i gcluais sa tseomra istigh, craobhscaoilfear iad ó bhárraibh na dtighthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Cluinfear sa solas a ndúirt sibh sa dorchadas, agus fógrófar os ard i mullach tithe ar labhair sibh i gcogar i seomraí faoi rún.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Óir na neithe a dubhairt sibh san dorchadas, déarfar san tsolus iad, agus an rud a labhair sibh i gcogar ins na seomraí, dhéanfar é a chraobhscaoileadh ar mhullaigh na dtighthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Ar a nadhbharsin gidh bé neithe do labhrabhair an dorchadas cluinfidhthear iád satsolus; agus gidh bé ní do labhrabhair a gcluáis a seómruidhibh uaígneacha do dhéantar a ghairm ós na tighthibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Óir na neithe a dubhrabhair sa doircheacht déarfar sa tsolus iad; agus an rud a dúbhrabhair i gcogar, i seómra, craobhsgaoilfar é ó bharaíbh na dtighthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Agus dá bhrí sin, cibé nithe a dúirt sibh sa dorchadas, cluinfear i solas an lae iad, agus an cogar i gcluas a labhair sibh sna seomraí cúil, fógrófar é ó bharr na dtithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Agus dá bhrí sin, cibé nithe a dúirt sibh sa dorchadas, cluinfear i solas an lae iad, agus an cogar i gcluais a labhair sibh sna seomraí cúil, fógrófar é ó bharr na dtithe.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:3
7 Tagairtí Cros  

An méid adeirim libh sa dorchadas, abraidh‐se sa tsolas é: agus an méid chluineas sibh sa gcluais, craobhscaoilidh ar bhárraibh na dtighthe é.


Agus adeirim‐se libh, Gach focal díomhaoin labharfas daoine, caithfidh siad cunntas do thabhairt ann, lá an bhreitheamhnais.


an té atá ar mhullach an tighe, ná tigeadh sé anuas leis na neithe atá ’n‐a thigh do bhreith leis;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí