Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:57 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

57 Agus cad chuige nach mbreathnuigheann sibh uaibh féin an nidh is ceart?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

57 “Agus cad chuige nach mbreithníonn sibh uaibh féin cad é is cóir?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

57 Agus cad chuige nach mbreathnuigheann sibh uaibh féin an nídh atá cóir?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

57 Agus, créd fá nach breathnuighthí úaibh féin créd is cóir ann?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

57 Agus cad ’n-a thaobh na breithnigheann sibh uaibh féin an nídh is ceart?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

57 Cad chuige nach dtugann sibh breith, uaibh féin, faoin rud is cóir a dhéanamh?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

57 Cad chuige nach dtugann sibh breith, uaibh féin, faoin rud is cóir a dhéanamh?

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:57
10 Tagairtí Cros  

Agus nuair do‐chonnaic na deisceabail é, tháinig iongnadh mór ortha, agus adubhradar, Cionnas d’fheogh an crann fige chómh luath sin? Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Má bhíonn creideamh agaibh, gan amhras bheith oraibh, do‐ghéanaidh sibh, ní h‐é amháin a ndearnadh do’n chrann fige, acht má deir sibh leis an sliabh so, Tógtar agus teilgthear isteach sa bhfairrge thú, déanfar é.


Óir tháinig Eoin chugaibh i mbealach na fíréantachta, agus níor chreideabhar é: acht do chreid na poibleacáin agus na striapacha é: agus nuair do chonnaic sibh‐se é, ní dhearna sibh aithrighe ’n‐a dhiaidh sin chum go gcreidfeadh sibh é.


nuair chuireann siad amach a nduilleabhar, do‐chí sibh é agus is eol daoibh go bhfuil an samhradh i bhfogas.


Ná beiridh breith de réir na súile, acht beiridh breith cheart.


Agus do bhrostuigh agus do spreag sé iad le n‐a lán briathar eile, g‐á rádh, Coimhéadaidh sibh sibh féin saor ó’n droch‐gheinealach so.


acht is ó Dhia atá an uile nidh ann. Breathnuighidh eadraibh féin: an cuibhe do mhnaoi guidhe chum Dé gan caille bheith ar a ceann?


Nach múineann an nádúir gur nár do’n fhear gruaig fhada bheith air?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí