Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 acht an té shéanfas mise i bhfiadhnaise na ndaoine, séanfar eisean i bhfiadhnaise aingeal Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 ach an té a shéanas mé os comhair daoine séanfar é os comhair aingeal Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Acht an té a shéanfas mise ós cómhair na ndaoine, séanfar é ós cómhair aingle Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Achd gidh bé shéanfus mise a bhfiadhnuise aingeal De.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus an t-é a shéanfaidh mise os cómhair daoine, séanfar eisean os cómhair aingeal De.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 ach an té a shéanfaidh mise i láthair daoine, séanfar eisean i láthair aingil Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 ach an té a shéanfaidh mise i láthair daoine, séanfar eisean i láthair aingeal Dé.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:9
15 Tagairtí Cros  

Acht an té shéanfas mé i láthair na ndaoine, séanfadsa eisean i láthair m’Athar atá ar neamh.


Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt, Go deimhin adeirim libh, Ní fhuil aithne agam oraibh.


Acht nuair thiocfas Mac an Duine ’n‐a ghlóir, agus na h‐aingil go léir i n‐éinfheacht leis, suidhfidh sé annsin i gcathaoir a ghlóire:


Annsin adéarfaidh sé leo‐san bhéas ar a láimh chlé, Imthighidh uaim, a dhaoine malluighthe, isteach sa teinidh shíorraidhe do h‐ullmhuigheadh do’n diabhal agus d’á ainglibh:


Agus annsin dearbhóchad‐sa dhóibh, Ní raibh aon aithne agam oraibh riamh: imthighidh uaim, a lucht déanta an uilc.


Óir cibé duine lé’r nár mise agus mo bhriathra i láthair an chinéil adhaltrannaigh pheacamhla so, budh nár le Mac an Duine eisean mar ar gcéadna nuair thiocfas sé i nglóir a Athar, i n‐éinfheacht leis na naomh‐ainglibh.


Mar an gcéadna, adeirim libh, béidh áthas i measc aingeal Dé mar gheall ar pheacach amháin do‐ghní aithrighe.


Acht do shéan seisean é, g‐á rádh, A bhean, ní fhuil aon aithne agam air.


Óir cibé duine gur nár leis mise agus mo bhriathra, budh nár le Mac an Duine eisean, nuair thiocfas sé ’n‐a ghlóir féin, agus i nglóir a Athar agus na naomh‐aingeal.


má sheasaimíd go dian, riaghlóchaimíd i n‐éinfheacht leis: má shéanaimíd é, séanfaidh seisean sinne, leis:


Cibé duine shéanas an Mac, ní fhuil an tAthair aige: an té admhuigheas an Mac, atá an tAthair aige, leis.


Anois, a chlann bheag, cómhnuighidh ann, ionnas, má foillsightear é, go mbéidh uchtach againn, gan náire bheith orainn nuair thiocfas sé.


Is eol dom t’oibreacha (féach, atá doras foscailte curtha agam rómhat, agus ní fhéadann aoinneach a dhúnadh), de bhrigh go bhfuil beagán cumhachta agat, agus gur choimheádais mo bhriathar, agus nár shéanais m’ainm.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí