Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:46 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

46 tiocfaidh tighearna an tseirbhísigh úd an lá nach mbéidh coinne aige leis, agus gearrfaidh sé ó chéile é, agus do‐bhéarfaidh sé a chuid dó i measc luchta dí‐chreidimh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

46 ansin tiocfaidh máistir an tseirbhísigh úd sa lá nach bhfuil sé ag dréim leis agus in uair nach feasach dó, agus bainfidh sé cúiteamh as agus cuirfidh sé leis an dream mídhílis é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

46 Tiocfaidh tighearna an tseirbhísigh sin lá nach mbíonn sé ag dréim leis, agus ar uair nach eol dó, agus scoiltfidh sé é, agus bhéarfaidh sé a chuid dó imeasc na ndaoine gan chreideamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

46 Tiocfa tighearna an tsearbhfhoghantuighe úd sa lá nach saoileann sé é, agus ann sa núair nach bhfuil a fhios aige, agus dealóchaidh sé úaidh é, agus do bhéara sé a chuid dhó a bhfochair na ndaoine gan chreideamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

46 Tiocfaidh Tighearna an tseirbhísigh sin an lá ná beidh coinne aige leis, agus an uair nách eól dó, agus deighilfidh sé é agus ceapfaidh sé a chuid dó ameasg lucht díthchreidimh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

46 tiocfaidh máistir an tseirbhísigh sin sa lá nach mbíonn súil aige leis agus ar an uair nach eol dó, agus coscróidh sé é, agus tabharfaidh cion na míthairiseach dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

46 tiocfaidh máistir an tseirbhísigh sin sa lá nach mbíonn súil aige leis agus ar an uair nach eol dó, agus coscróidh sé é, agus tabharfaidh cion na míthairiseach dó.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:46
14 Tagairtí Cros  

tiocfaidh tighearna an tseirbhísigh úd an lá nach bhfuil coinne aige leis, agus an uair nach bhfuil a fhios aige,


agus gearrfaidh sé as a chéile é, agus do‐bhéarfaidh sé a chuid dó i bhfochair luchta an fhuar‐chrábhaidh: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.


Bidhidh‐se ullamh, mar an gcéadna: óir is ar uair nach bhfuil coinne agaibh leis thiocfas Mac an Duine.


Acht má deir an seirbhíseach úd ’n‐a chroidhe istigh, Is fada atá mo thighearna gan teacht; agus go dtosnóchaidh sé ar na buachaillí agus ar na cailíní aimsire do bhualadh, agus ar bheith ag ithe agus ag ól, agus ar bheith ar meisce;


Agus an seirbhíseach úd ag a raibh fios tola a thighearna, agus nach ndearna aon ullmhú, agus nach ndearna de réir a thola, geobhfar go trom air;


(Féach, atáim ag teacht ar nós gadaidhe. Is aoibhinn do’n té do‐ghní faire, agus choimheádas a chuid éadaighe, ar eagla go siubhalfadh sé lomnocht, agus go bhfeicfidhe a náire).


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí