Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Díolaidh a bhfuil agaibh, agus tabhraidh déirc; déanaidh dhaoibh féin sparáin nach gcaithfear le h‐aois, stór ins na flaitheasaibh nach n‐ídeochar, san áit nach ndruideann gadaidhe i n‐aice leis, agus nach milleann an leamhan ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

33 Díolaigí bhur maoin, agus tugaigí uaibh mar dhéirc i ar ghrá Dé; soláthraígí daoibh féin sparán nach gcríonann, stór ar neamh nach dteipeann, san áit nach dtagann gadaí dá chomhair agus nach mbíonn leamhain á chur ó mhaith.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

33 Díolaigidh a bhfuil agaibh, agus tabhairigidh déirc uaibh; déanaigidh díbh féin sparáin nach gcaitheann, stór nach laghduigheann ins na flaithis, áit nach dtig gadaidhe ina gaobhar, agus nach milleann léadhmán.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Réacaidh a bhfuil aguibh, agus tabhruidh déirc úaibh; déanuidh sparáin dhibh féin nach rachta a narsaidheachd, cisde ar nach racha caitheamh ar neamh, a náith nach dtig gaduidhe a ngar dhó, agus nach dtruáilligheann an míol críon.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Díolaidh a bhfuil agaibh agus tugaidh déirc uaibh; deinidh daoibh féin sparáin ná críonfaidh, stór ins na flathais ná caillfidh oraibh; ná guidfidh bitheamhnach uaibh; ná millfidh leómhan oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

33 Díolaigí a bhfuil agaibh agus déanaigí déirc; déanaigí daoibh féin sparáin nach gcaithfear le haois, stór do-ídithe sna flaithis mar nach dtagann an bithiúnach ina ghar agus nach mbíonn an leamhan dá lot.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:33
14 Tagairtí Cros  

Adubhairt Íosa leis, Má’s maith leat bheith gan locht, imthigh, díol a bhfuil agat, agus tabhair a luach do na bochtaibh, agus béidh maoin ar neamh agat: agus tar, lean mise.


Acht, i dtaobh a bhfuil istigh, tabhraidh déirc uaibh; agus féach, sin é gach uile nidh glan daoibh.


Mar sin do’n té chruinnigheas stór dó féin, agus nach bhfuil saidhbhreas i nDia aige.


Agus adeirim libh, Déanaidh cáirde dhaoibh féin le saidhbhreas na mí‐chneastachta; i dtreo, nuair bhéas easbaidh oraibh, go nglacfaidís isteach ins na puiblibh síorraidhe sibh.


Agus nuair do‐chuala Íosa é sin, adubhairt sé leis, Atá aon nidh amháin i n‐easnamh ort fós: díol a bhfuil agat, agus tabhair do na bochtaibh é, agus béidh ionnmhas ar neamh agat: agus tar, lean mise.


Ní h‐é go raibh spéis aige ins na bochtaibh go ndubhairt sé sin; acht gur ghadaidhe é, agus gurbh é do bhí i mbun bosca an airgid, agus go mbíodh sé ag goid a gcuirtidhe ann.


agus do dhíolaidís a sealbhachas agus a maoin, agus do roinnidís ar chách iad, de réir a riachtanais.


cionnas mar mhéaduigh fairsinge a bhféile de bhárr líonmhaireachta a n‐áthais agus a mbochtaine móire, agus iad fá bhuaidhreamh an‐mhór.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí