Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Lúcás 12:50 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

50 Acht atá agam baisteadh le n‐a mbaistfear mé; agus cad é an ceangal atá orm nó go gcóimhlíontar é!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

50 Tá orm dul faoi thonn bhaiste; agus táim go mór i sáinn go gcuirfidh mé tharam é!

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

50 Agus is éigean damh mo bhaisteadh le baisteadh, agus cad é mar tá mé i gcumhangas nó go gcríochnuightear é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

50 Achd is éigin damhsa mo bhaisdeadh lé baisdeagh; agus créd a mhéd chuibhrighthear mé no go gcríochnuighthear é!

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

50 Agus tá agam baisteadh le n-a mbaistfar mé, agus cad é mar atáim i gcúmhangracht go dtí go gcómhlionfar é!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

50 Tá baisteadh lena gcaithfear mé a bhaisteadh, agus cad é mar chúngrach atá orm nó go mbeidh sé curtha i gcríoch!

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:50
13 Tagairtí Cros  

agus do bhaist sé i nIórnán iad, agus iad ag admháil a bpeacadh.


Thánag‐sa chum teine do chur ar an talamh, agus créad is mian liom ach í bheith ar lasadh anois féin?


Agus Malchus ab ainm do’n tseirbhíseach. Agus adubhairt Íosa le Peadar, Cuir do chlaidheamh ar ais ’n‐a thruaill: an cupán thug an t‐Athair le n’ól dom, nach n‐ólfad é?


Agus nuair do ghlac Íosa an bhínéigre, adubhairt sé, Atá críochnuighthe: agus do chrom sé a cheann, agus thug sé a anam uaidh.


Adubhairt Íosa leo, Is é mo bhiadh‐sa toil an té do chuir uaidh mé do dhéanamh, agus a ghnó do chóimhlíonadh.


Acht nuair bhí a bhráithre imthighthe suas chum na féile, do chuaidh sé féin suas mar an gcéadna, acht ní dheachaidh go poiblidhe, acht mar bhéadh sé ag dul i ngan fhios.


Agus féach, anois, atáim ag dul fá cheangal an Spioraid go h‐Iarúsalem, gan a fhios agam créad atá i ndán dom annsin:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí