Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 12:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Fá’n am sin, nuair do bhí na mílte móra ag cruinniú le chéile, i dtreo go rabhadar ag satailt ar a chéile, do thosnuigh sé ar a rádh le n‐a dheisceablaibh ar dtús, Seachnaidh laibhín na bhFairisíneach, is é sin an fuar‐chrábhadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Idir an dá am, nuair a bhí oiread mílte den slua cruinnithe go raibh siad i riocht satailte ar a chéile, thosaigh sé ar a rá lena dheisceabail ar dtús, “Seachnaígí laibhín na bhFairiséach, is é sin, seachnaígí a bhfimíneacht.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus nuair a bhí sluaighte móra ina seasamh thart, san chruth go raibh siad ag saltairt ar a chéile, thoisigh sé a rádh le n-a dheisciobail: Seachnaigidh deascaidh na bhFairisíneach, ar bhréagchráibhtheacht é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Fa a námsin, ar mbeith do phubal gan airmheadh ar na ccomhchruinniufgadh, ionnus go rabhadar ag saltairt ar a chéile, do thionnsgain sé a radh re na dheisciobluibh ar tús, Comhéaduigh sibh féin ar laibhin na Bhphairsineach, eadhon an fuarchrabhadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus nuair a bhí sluaighte móra ’n-a thímpal, i dtreó go rabhadar ag satailt ar a chéile, do thusnuigh sé ar a rádh le n-a dheisgiobuil; Seachnaidh sibh féin ar ghiost na bhFairisíneach, an nídh is cealgaireacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: “Seachnaígí sibh féin ar ghabháil–is é sin, ar bhréagchrábhadh–na bhFairisíneach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: “Seachnaígí sibh féin ar ghabháil - is é sin, ar bhréagchrábhadh - na bhFairisíneach.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 12:1
18 Tagairtí Cros  

Is mairg daoibh! óir is cuma sibh nó na tuamaí nach bhfeictear, agus nach eol dóibh‐sean shiubhlas ortha iad do bheith ann.


A chealgairí, is eol daoibh gné na talmhan agus na spéire do bhreathnú; acht cad chuige nach eol daoibh gné na h‐aimsire seo do bhreathnú?


Agus tharla, nuair do bhí an sluagh ag brúghadh air agus ag éisteacht le briathar Dé, go raibh sé ’n‐a sheasamh le h‐ais locha Ghenésaret;


Acht ba mhóide do leath na scéala ’n‐a thaobh go mór: agus tháinig na sluaighte móra i n‐éinfheacht le chéile chum éisteachta leis, agus chum go leigheasfaidhe a ngalair.


agus tháinig sé anuas i n‐éinfheacht leo, agus do sheas sé ar áit réidh, agus sluagh mór d’á dheisceablaibh, agus liacht mór daoine ó lúdaea agus ó Iarúsalem, agus ó imeall‐bhórd Thuire agus Shídóine, daoine tháinig chum go n‐éistfidís leis, agus chum go leigheasfaidhe a ngalair;


Agus nuair do‐chualadar é, thugadar glóir do Dhia; agus adubhradar leis, Do‐chí tú, a bhráthair, na mílte móra dhíobh‐san go bhfuil an creideamh aca atá i measc na nIúdach; agus atáid uile láin‐dílis do’n reacht:


Óir ar dtús thugas daoibh, mar fuaras é, go bhfuair Críost bás i n‐éiric ár bpeacaidhe, de réir na scrioptúir:


acht is amhlaidh atá sibh tagtha go Sliabh Síoin, go cathair an Dé bhí, go h‐Iarúsalem neamhdha, agus go dtí na mílte as cuimse de shluaightibh na n‐aingeal,


Acht an eagnaidheacht atá ó neamh anuas, i gcéadóir atá sí glan‐úr, síothchánta, leis sin, ceannsa, so‐chómhairleach, gan cealg, gan fimíneacht.


Cuiridh dhíbh, d’á bhrigh sin, gach droch‐rún, agus calaois,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí