Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 16:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Ar theacht isteach i gceantar Chéasaráia Philib dó, d'fhiafraigh Íosa dá chuid deisceabal: “Cé hé a deir na daoine Mac an Duine?”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Anois nuair a tháinig Íosa go ceantar Chaesaría Filipí, dʼfhiafraigh sé dá dheisceabail, “Cé a deir na daoine is Mac an duine?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Agus tháinic Íosa go críocha Chaesarea Philip, agus cheistigh sé a dheisciobail, ag rádh: Cé a deir na daoine is Mac an Duine?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus nuair tháinig Íosa isteach i gcríochaibh Chaesarea Philib, d’fhiafruigh sé d’á dheisceablaibh, g‐á rádh, Cia h‐é adeir na daoine gur Mac an Duine?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus ar dteachd Diósa go críochaibh Shesárea Philippí, do fhíafruidh sé dá dheisciobluibh, ag rádh, Créd a deir na dáoine, cía misi Mac an duine?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus tháinig Íosa isteach i gcríochaibh Chaesaréa Philippí; agus do cheistigh sé a dheisgiobuil, agus dubhairt: Cé h-é, dar le daoine, Mac an Duine?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Ar theacht isteach i gceantar Chaesairia Philib dó, dʼfhiafraigh Íosa dá chuid deisceabal: “Cé hé a deir na daoine Mac an Duine?”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 16:13
23 Tagairtí Cros  

Agus duine ar bith a labhróidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é. Ach duine ar bith a labhróidh in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann sa saol seo ná sa saol atá le teacht.


Óir, amhail mar a thug Ióna trí lá agus trí oíche i mbolg na hollphéiste, sin mar a bheidh Mac an Duine i gcoim na talún trí lá agus trí oíche.


Óir tá Mac an Duine ina mháistir ar an tsabóid.


D'fhreagair sé iad á rá: “An té a chuireann an síol maith, sin é Mac an Duine.


Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileoidh siad gach ábhar scannail as a ríocht agus na daoine a thaobhaíonn an t‑olc,


Ar dhul amach as sin dó, chuaigh Íosa i leataobh go dtí ceantar na Tuíre agus Shíodóine.


Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne.


Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh Mac an Duine feicthe acu ag teacht ina ríocht.”


“Nuair a thiocfaidh Mac an Duine ina ghlóir agus na haingil uile in éineacht leis, rachaidh sé ina shuí an uair sin i ríchathaoir a ghlóire.


Dúirt Íosa leis: “Tá pruchóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.”


Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh” - dúirt sé ansin leis an bpairiliseach: “Éirigh, tóg leat do leaba agus gabh abhaile.”


Óir níor tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air, ach chun go ndéanfadh sé féin freastal, agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”


Óir cibé ar nár leis mise agus mo bhriathra sa ghlúin adhaltrach pheacúil seo, is nár le Mac an Duine eisean mar an gcéanna nuair a thiocfaidh sé i nglóir a Athar in éineacht leis na haingil naofa.”


Go deimhin féin, a deirim libh,” ar sé leis, “go bhfeicfidh sibh na flaithis ar oscailt agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.”


D'fhreagair an slua é ansin: “Chualamar ón dlí go bhfanfaidh Críost go deo, agus cén chaoi a ndeir tú nach foláir Mac an Duine a ardú? Cé hé an Mac seo an Duine?”


Faoi mar a d'ardaigh Maois an nathair nimhe san fhásach, sin mar a chaithfear Mac an Duine a ardú,


agus thug sé údarás dó breithiúnas a dhéanamh de bhrí gurb é Mac an Duine é.


an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.


“Féach,” ar seisean, “feicim na flaithis ar oscailt agus Mac an Duine ina sheasamh ar dheis Dé.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí