Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Matha 16 - Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara


Caibidil XVI Diúltann Críost cómhartha ó neamh a thaisbeáint do na Fairisínigh. Gheibh Peadar luach saothair a admhála, agus bheir Críost achmhusán dó as siocair gur chuir sé i n-aghaidh na páise. Caithfidh lucht leanamhna Chríost go léir diúltadh dóibh féin.

1 Agus tháinic na Fairisínigh agus na Sadducaigh chuige a chur féachála air: agus d’iarr siad air cómhartha ó neamh a thaisbeáint dóibh.

2 Agus dubhairt seisean leo, ghá bhfreagairt: Nuair a bhíos sé ina thráthnóna, deir sibh: Béidh soineann ann, óir tá an spéar dearg:

3 Agus ar maidin: Béidh stoirm ann indiu, óir tá an spéar ghruamdha ag deargadh.

4 Is eol díbh, mar sin, gnúis na spéire a bhreathnugadh: An é nach dtig libh cómharthaí na linne d’aithne? Iarrann droch-ghlúin adhaltrannach cómhartha, acht ní thabharfar cómhartha dí, acht cómhartha Iónais, fáidh. Agus d’fhág sé iad agus d’imthigh sé.

5 Agus nuair a tháinic a dheisciobail trasna na mara, bhí dearmad déanta acu arán a thabhairt leo.

6 Agus dubhairt seisean leo: Tabhairigidh aire agus seachnaigidh deascaidh na bhFairisíneach agus na Sadducach.

7 Acht thoisigh siad-san a mhachtnamh ina n-aigne, ag rádh: Mar nach dtugamar arán linn.

8 Acht bhí a fhios sin ag Íosa, agus dubhairt: A lucht an chreidhim bhig, cad chuige a bhfuil sibh ag machtnamh i bhur n-aigne, mar nach bhfuil arán agaibh?

9 Nach dtuigeann sibh go fóill, agus nach cuimhin libh na cúig h-aráin do’n chúig mhíle duine, agus cá mhéad bascáid a thóg sibh?

10 Ná na seacht n-aráin do’n cheithre mhíle duine, agus cá mhéad cliabh a thóg sibh?

11 Cad chuige nach dtuigeann sibh nár i dtaoibh aráin a dubhairt mé libh: Seachnaigidh deascaidh na bhFairisíneach agus na Sadducach?

12 Annsin thuig siad nár dhubhairt sé gurbh é deascaidh an aráin a bhí le seachnadh, acht teagasc na bhFairisíneach agus na Saddhucach.

13 Agus tháinic Íosa go críocha Chaesarea Philip, agus cheistigh sé a dheisciobail, ag rádh: Cé a deir na daoine is Mac an Duine?

14 Agus dubhairt siad-san: Cuid acu Eoin Baiste, agus cuid eile Elías, agus cuid eile Ieremías, nó duine de na fáidhe.

15 Deir Íosa leo: Acht cé a deir sibh-se is mé?

16 D’fhreagair Síomon Peadar, agus dubhairt: Is tú an Críost, Mac an Dé Bhí.

17 Agus d’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé leis: Is beannuighthe thu, a Shíomoin, mac Ióna; óir ní feoil agus fuil a d’fhoillsigh sin duit, acht m’Athair atá ar neamh.

18 Agus deirim-se leat gur tusa Peadar, agus is ar an charraig sin a thógfas mé m’eaglais, agus ní bhéarfaidh geaftaí ifrinn buaidh uirthí.

19 Agus bhéarfaidh mé duit eochracha ríoghacht na bhflaitheas. Agus cibé nídh a cheanglóchas tú ar talamh, béidh sé ceangailte ar neamh: agus cibé nídh a scaoilfeas tú ar talamh, béidh sé scaoilte ar neamh.

20 Annsin d’aithin sé dá dheisciobail gan innse dh’aoinneach gurbh é féin Íosa, an Críost.

21 Ó’n am sin amach thoisigh Íosa a léiriughadh dá dheisciobail go gcaithfeadh sé dul go h-Ierusalem, agus mórán neithe d’fhulang ó na seanóirí, agus ó na Scríobhaidhthe, agus ó uachtaráin na sagart, agus bás d’fhulang, agus éirghe arís ar an treas lá.

22 Agus thug Peadar i leath taoibh é, agus thoisigh sé a iomardadh, ag rádh: Gura fada uait é, a Thighearna; ní thiocfaidh sin ort-sa.

23 Acht thionntuigh seisean, agus dubhairt le Peadar: Siar mo dhiaidh leat, a Shatain, is scainneal damh thú: óir ní h-iad na neithe a bhaineas le Dia a thaitneas leat, acht na neithe a bhaineas le daoine.

24 Annsin dubhairt Íosa le n-a dheisciobail: Má’s áil le h-aoinneach teacht mo dhiaidh-se, diúltadh sé é féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mé.

25 Óir cibé ar mian leis a anam a shábháil, caillfidh sé é: agus an té a chaillfeas a anam ar mo shon-sa, gheobhaidh sé é.

26 Óir cad é is feárrde duine, dá ngnóthuigheadh sé an domhan uilig, agus a anam féin a chailleamhaint? Nó cad é bhéarfas duine i n-éiric a anama?

27 Óir tiocfaidh Mac an Duine i nglóir a Athar maille le n-a aingle: agus annsin bhéarfaidh sé do gach duine do réir a ghníomhartha.

28 Amén adeirim libh, tá cuid dá bhfuil ina seasamh annseo nach mblaisfidh bás go dtí go bhfeicidh siad Mac an Duine ag teacht ina ríoghacht.

rights held by the Bible Society in Northern Ireland

Bible Society in Northern Ireland
Lean orainn:



Fógraí