Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Matha 16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XVI. Críost ghá dhiúltú cómhartha ó neamh a thaisbheáint dos na Fairisínigh. Admháil Pheadair agus a thoradh dhó; a imdheargadh mar gheall ar chur i n-aghaidh páise Chríost. Ní foláir do chualacht Chríost uile iad féin do shéanadh.

1 Ansan do tháinig chuige na Fairisínigh agus na Sadducínigh chun triail a bhaint as; agus d’iarradar air cómhartha ó neamh do thaisbeáint dóibh.

2 Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt sé leó: Deirthí-se um thráthnóna, Beidh soinean ann, mar tá an spéir dearg;

3 Agus ar maidin, Beidh stoirm ann, mar tá an spéir ag deargadh go dorcha.

4 Tá fhios agaibh conus gnúis na spéire do bhreithniú; agus nách féidir libh cómharthaí na h-aimsire dh’aithint? Tá sliocht an uilc agus an adhaltranais ag lorg cómhartha; ach ní tabharfar de chómhartha dhóibh ach cómhartha Iónais Fáidh. Agus d’fhág sé ansan iad agus d’imthigh sé.

5 Agus nuair a tháinig a dheisgiobuil treasna na faraige, dhearmhadadar arán a thabhairt leó.

6 Agus dubhairt sé leó: Féachaidh agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach.

7 Agus dheineadar-san machtnamh ’n-a n-aigne, ’ghá rádh, Níor thugamar arán linn.

8 Agus bhí a fhios san ag Íosa, agus dubhairt sé: A dhaoine gan puínn creidimh, cad é an machtnamh so oraibh toisg gan arán a bheith agaibh?

9 Ná fuil tuisgint agaibh fós, nó nách cuimhin libh na seacht mbulóga do’n chúig mhíle duine, agus an ’mó ciseán a thógabhair?

10 Ná na seacht mbulóga do’n ceithre mhíle duine, agus an ’mó ciseán a thógabhair?

11 Cad ’n-a thaobh ná tuigeann sibh nách i dtaobh aráin adubhart, Seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach?

12 Ansan do thuigeadar ná dubhairt sé gur bh’é giost an aráin a bhí le seachaint, ach teagasg na bhFairisíneach agus na Sadducíneach.

13 Agus tháinig Íosa isteach i gcríochaibh Chaesaréa Philippí; agus do cheistigh sé a dheisgiobuil, agus dubhairt: Cé h-é, dar le daoine, Mac an Duine?

14 Agus dubhradar: Deir cuid acu gur b’é Eóin Baiste é; agus deir cuid acu gur b’é Elias é; agus deir cuid acu gur b’é Ieremias é, nó duine des na fáidhibh.

15 Agus dubhairt Íosa leó: Ach dar libh-se cé h-é mé?

16 Agus d’fhreagair Símón Peadar agus dubhairt: Is tú Críost Mac Dé Bhí.

17 Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis: Is aoibhinn duit, a Shímóin mhic Ióna, óir ní feóil agus fuil a dh’fhoillsigh duit-se sin, ach m’Athair-se atá ins na flathais.

18 Agus deirim-se leat-sa gur Peadar tú, agus is ar an gcaraig seo a chuirfead-sa suas m’eaglais, agus ní bhuadhfaid geataí ifrinn uirthi.

19 Agus tabharfad duit eochracha rígheachta na bhflathas; agus pé rud a cheangalóchair ar talamh, beidh sé ceangailte ins na flathais; agus pé rud a sgaoilfir ar talamh, beidh sé sgaoilte ins na flathais.

20 Ansan d’órduigh sé d’á dheisgiobulaibh gan a dh’innsint d’aoinne gur bh’é féin Íosa Críost.

21 Ansan do thosnuigh Íosa ar a thaisbeáint d’á dheisgiobuil nár bhfoláir é féin a dhul go Ierúsalem agus mórán d’fhulang ós na sínsearaibh agus ós na Sgníbh-neóiríbh agus ó uachtaránaibh na sagart, agus a chur chun báis, agus a aiseirighe an trímhadh lá.

22 Agus do thóg Peadar é, agus chrom sé ar aighneas leis, agus dubhairt sé: Abhfad uait-se sin, a Thighearna. Ní thiocfaidh san ort-sa.

23 Agus d’iompuigh seisean agus dubhairt sé le Peadar: Imthigh lastiar díom a Shátain; cuireann tu seirbhthean orm; mar ní h-iad na neithe a bhaineann le Dia a thaithneann leat-sa ach na neithe a bhaineann le daoine.

24 Ansan dubhairt Íosa le n-a dheisgiobuil: Ma’s áil le h-aoinne teacht am’ dhiaidh-se, séanadh sé é féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mé.

25 Mar, an t-é gur mian leis a anam do shábháil, caillfidh sé é; ach an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa, gheóbhaidh sé é.

26 Mar, cad é an tairbhe do dhuine an domhan go léir a bhuachtaint, má dheineann sé a anam féin a chailleamhaint? nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam féin?

27 Óir tá Mac an Duine chun teacht i nglóire a Athar mar aon le n-a aingealaibh; agus ansan tabharfaidh sé do gach duine do réir a ghníomhartha.

28 Go deimhin adeirim libh, tá cuid d’á bhfuil ’n-a seasamh anso agus ní bhlaisfid siad bás go bhfeicfid siad Mac an Duine ag teacht ’n-a rígheacht.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí