Matha 16:26 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)26 Mar, cad é an tairbhe do dhuine an domhan go léir a bhuachtaint, má dheineann sé a anam féin a chailleamhaint? nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam féin? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)26 “Mar cad é an tairbhe do dhuine, an domhan uile a ghnóthú agus a bheo féin a chailleadh leis? Nó cad í an iocaíocht a thabharfaidh duine uaidh lena bheo féin a fháil ar ais? Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara26 Óir cad é is feárrde duine, dá ngnóthuigheadh sé an domhan uilig, agus a anam féin a chailleamhaint? Nó cad é bhéarfas duine i n-éiric a anama? Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)26 Óir cad é a thairbhe do dhuine dá ngnóthuigheadh sé an domhan go h‐iomlán, agus a anam do chailleamhain? nó cad í an mhalairt dhéanfas duine ar a anam féin? Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)26 Oír créd é a tharbha do dhuine, da ngnodhuigheadh sé an domhan uile, agus a anam féin do leígean a mugha? No créd í an mhalairt do bheuradh duine ar son anma féin. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201226 Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a dʼfhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam? Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198126 Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam? Féach an chaibidil |