Matha 16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus tháinig na Fairisínigh agus na Saddúicínigh, agus, chum triail do bhaint as, d’iarradar air cómhartha ó neamh do thaisbeáint dóibh. 2 Acht d’fhreagair seisean, agus adubhairt sé leo, Nuair bhíos an tráthnóna ann, deir sibh, Béidh soineann ann: óir atá an spéir dearg. 3 Agus ar maidin, Béidh droch‐aimsear ann indiu, óir atá an spéir ag deargadh agus ag dorchú, Atá a fhios agaibh cionnas gné na spéire d’aithint; acht ní féidir libh cómharthaí na h‐aimsire d’aithint. 4 Bíonn droch‐shliocht adhaltrannach ar lorg cómhartha, acht ní tiubharfar cómhartha dhó, acht cómhartha Iónáis. Agus d’fhág sé iad, agus d’imthigh sé. 5 Agus tháinig na deisceabail chum tíre ar an taobh thall agus do dhearmadar arán do bhreith leo. 6 Agus adubhairt Íosa leo, Tabhraidh aire agus seachnaidh laibhín na bhFairisíneach agus na Saddúicíneach. 7 Agus do‐rinneadar machtnamh eadortha féin, g‐á rádh, Ní thugamar aon arán linn. Agus thug Íosa fá deara é, 8 agus adubhairt sé, A dhaoine an lag‐chreidimh, cad chuige dhaoibh bheith ag déanamh machtnaimh eadraibh féin, toisc gan aon arán bheith agaibh? 9 An é nach dtuigeann sibh, agus nach cuimhin libh cúig bollóga an chúig míle, agus cá méad ciseán do thógabhar? 10 Ná seacht mbollóga an cheithre míle, agus cá mhéad ciseán do thógabhar? 11 Cad chuige nach dtuigeann sibh nach d’arán do bhíos ag tagairt. Acht seachnaidh laibhín na bhFairisíneach agus na Saddúicíneach. 12 Do thuigeadar annsin nárbh é laibhín an aráin adubhairt sé leo a sheachaint, acht teagasc na bhFairisíneach agus na Saddúicíneach. 13 Agus nuair tháinig Íosa isteach i gcríochaibh Chaesarea Philib, d’fhiafruigh sé d’á dheisceablaibh, g‐á rádh, Cia h‐é adeir na daoine gur Mac an Duine? 14 Agus adubhradar‐san, Adeir cuid aca, Eoin Baiste; cuid eile, Élias; agus cuid eile, Ieremias, nó duine de na fáidhibh. 15 Adubhairt sé leo, Acht cia h‐é adeir sibh‐se gur mé? 16 Agus d’fhreagair Síomón Peadar, agus adubhairt, Is tú an Críost, Mac Dé bhí. 17 Agus d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé leis, Is aoibhinn duit, a Shíomóin mhic Ióna: óir ní fuil agus feoil d’fhoillsigh duit é, acht m’Athair‐se atá ar neamh. 18 Agus adeirim‐se leat gur tusa Peadar, agus gur ar an gcarraig seo thógfad‐sa m’eaglais; agus nach mbuaidhfidh geataí ifrinn uirthi. 19 Do‐bhéarfad duit eochracha ríoghachta na bhflaitheas: agus cibé nidh cheanglóchas tú ar talamh, ceanglóchar é ar neamh: agus cibé nidh scaoilfeas tú ar talamh, scaoilfear é ar neamh. 20 Annsin thug sé rabhadh d’á dheisceablaibh gan a innsint d’aoinneach gurbh é féin an Críost. 21 Ó’n am sin amach do thosnuigh Íosa ar a mhíniú d’á dheisceablaibh gur ab éigean dó dul go h‐Iarúsalem, agus mórán d’fhulang ó na seanóiribh, agus ó na h‐árd‐shagartaibh, agus ó na scríobhaidhthibh, agus go gcuirfidhe é chum báis, agus go n‐aiséireochadh sé an tríomhadh lá. 22 Agus thug Peadar é i leathtaoibh, agus do thosnuigh sé ar a cheartú, g‐á rádh, I bhfad uait‐se é sin, a Thighearna: ní thiocfaidh sin ort choidhche. 23 Acht d’iompuigh seisean, agus adubhairt sé le Peadar, Druid siar uaim, a Shátain: atáir‐se id’ cheap tuisle dhom: óir ní fhuil do dhearcadh ar a mbaineann le Dia, acht ar a mbaineann le daoinibh. 24 Annsin adubhairt Íosa le n‐a dheisceablaibh, Má’s mian le h‐aoinneach teacht im’ dhiaidh‐se, diúltadh sé dhó féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mise. 25 Óir, cibé duine gur mian leis a anam do shaoradh, caillfidh sé é; agus cibé duine chaillfeas a anam ar mo shon‐sa, saorfaidh sé é. 26 Óir cad é a thairbhe do dhuine dá ngnóthuigheadh sé an domhan go h‐iomlán, agus a anam do chailleamhain? nó cad í an mhalairt dhéanfas duine ar a anam féin? 27 Óir tiocfaidh Mac an Duine i nglóir a Athar mar aon le n‐a ainglibh; agus annsin chúiteochaidh sé gach aoinneach de réir a ghníomhartha. 28 Go fírinneach adeirim libh, Atá cuid díobh‐san atá n‐a seasamh annso, nach mblaisfidh bás nó go bhfeicid Mac an Duine ag teacht ’n‐a ríoghacht. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society