Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 16:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Annsin thug sé rabhadh d’á dheisceablaibh gan a innsint d’aoinneach gurbh é féin an Críost.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 Bhagair sé go dian ansin ar na deisceabail gan a insint do dhuine ar bith gurbh é an Críost é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

20 Annsin d’aithin sé dá dheisciobail gan innse dh’aoinneach gurbh é féin Íosa, an Críost.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Ann sin do aithin sé dá dheisciobluibh gan innisin déin neach gur bhé féin Iósa Criosd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Ansan d’órduigh sé d’á dheisgiobulaibh gan a dh’innsint d’aoinne gur bh’é féin Íosa Críost.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 Chuir sé mar acht ar na deisceabail ansin gan a rá le duine ar bith gurbh é féin an Críost.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

20 Chuir sé mar acht ar na deisceabail ansin gan a rá le duine ar bith gurbh é féin an Críost.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 16:20
16 Tagairtí Cros  

agus do ghein Mattán Iácób; agus do ghein Iácób Seosamh, fear Mhuire, ó n‐ar geineadh Íosa d’á ngoirthear Críost.


Agus d’fhreagair Síomón Peadar, agus adubhairt, Is tú an Críost, Mac Dé bhí.


Agus ag teacht anuas ó’n sléibh dóibh, thug Íosa rabhadh dhóibh, g‐á rádh, Ná h‐innsighidh an radharc do dhuine ar bith, nó go n‐aiséirighidh Mac an Duine ó na marbhaibh.


Agus adubhairt Íosa leis, Tabhair aire gan innsint d’aoinneach faoi; acht imthigh, taisbeán thú féin do’n tsagart, agus déan an íodhbairt d’órduigh Maois, mar fhiadhnaise dhóibh.


Agus thug sé foláireamh dhóibh gan a innsin d’aon duine ’n‐a thaobh féin.


Agus ag teacht anuas dóibh ó’n sliabh, thug sé foláireamh dhóibh gan a innsin d’aon duine i dtaobh a bhfacadar, nó go n‐aiséirigheadh Mac an Duine ó na marbhaibh.


óir atá Slánuightheoir beirthe dhaoibh indiu, is é sin Críost an Rí, i gcathair Dháibhi.


Agus thug sé fógra dóibh, agus d’órduigh sé dhóibh gan a innsin sin d’aoinneach;


Agus nuair do labhair an guth, frith Íosa ’n‐a aonar. Agus d’fhanadar‐san ’n‐a dtost, agus níor inniseadar d’aoinneach ins na laethibh sin i dtaob a bhfacadar.


Fuair seisean ar dtús a dhearbhráthair féin, Síomón, agus adubhairt sé leis, Fuaramar an Messias (is é sin le rádh, an Críost).


Fuair Pilib Natanaél, agus adubhairt sé leis, Fuaramar an té úd ar ar scríobh Maois sa reacht, agus na fáidhe, Íosa Nasardha, mac Sheosaimh.


Adubhairt sise leis, Creidim, A Thighearna: creidim gur tusa an Críost, Mac Dé, do bhí le teacht ar an saoghal.


acht do scríobhadh an méid seo chum go gcreidfeadh sibh gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideamhain, go mbéadh an bheatha agaibh ’n‐a ainm‐sean.


Uime sin, bíodh a fhios go dearbhtha ag pobal Israel go bhfuil Tighearna agus Críost déanta ag Dia de’n Íosa so do chrochabhair‐se.


Cia h‐é an bréagaire acht an té shéanas gur ab é Íosa an Críost? Is é an t‐ainchríost an té shéanas an tAthair agus an Mac.


Cibé duine chreideas gur ab é Íosa an Críost, is ó Dhia do geineadh é, agus cibé duine ghrádhuigheas an té do ghein é, grádhuigheann sé an Mac do geineadh uaidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí