Matha 16 - An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012Gabháil na bhFairisíneach 1 Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus dʼiarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh. 2 Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Nuair a bhíonn an tráthnóna ann deir sibh: ‘Tá aimsir bhreá air: tá an spéir dearg’; 3 agus ar maidin: ‘Déanfaidh sé drochaimsir inniu: tá an spéir dearg, gruama.’ Tuigeann sibh conas dreach na spéire a bhreithniú; an ea nach féidir libh comharthaí na n-aimsirí seo a bhreithniú? 4 Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna”–á bhfágáil ansin agus ag imeacht leis. 5 Ag dul go dtí an taobh eile dóibh, ba é dearmad na ndeisceabal gan aon arán a thabhairt leo. 6 Dúirt Íosa leo: “Bígí aireach do bhur seachaint féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.” 7 Ach bhí siad-san ag machnamh mar seo ina gcroí: “Mar nár thugamar an t-arán linn.” 8 Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil an machnamh seo in bhur gcroí, a lucht an bheagán creidimh, mar nár thug sibh an t-arán libh? 9 Nach dtuigeann sibh fós, nó nach cuimhin libh na cúig bhuilín don chuig mhíle, agus cé mhéad ciseán a thóg sibh suas? 10 Nó na seacht mbuilín don cheithre mhíle agus cé mhéad cléibhín a thóg sibh suas? 11 Cén fáth nach dtuigeann sibh nach ag caint ar arán a bhí mé libh? Ach seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.” 12 Thuig siad ansin narbh í gabháil an aráin a dúirt sé a bhí le seachaint acu, ach teagasc na bhFairisíneach agus na Sadúcach. Admháil ó Pheadar: An Phríomhaíocht 13 Ar theacht isteach i gceantar Chaesairia Philib dó, dʼfhiafraigh Íosa dá chuid deisceabal: “Cé hé a deir na daoine Mac an Duine?” 14 Dúirt siad: “Deir cuid acu Eoin Baiste; cuid eile acu Éilias; tuilleadh acu Irimia nó duine de na fáithe.” 15 Dúirt sé leo: “Ach cé a deir sibh-se mé?” 16 Dúirt Síomón Peadar dá fhreagairt: “Is tú an Críost, Mac Dé bheo.” 17 Dʼfhreagair Íosa agus dúirt sé leis: “Is méanar duit, a Shíomóin mac Ióna, óir ní fuil agus feoil a dʼfhoilsigh duit é ach mʼAthair atá ar Neamh. 18 Agus deirim-se leat-sa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé mʼeaglais, agus ní bhuafaidh geataí Ifrinn uirthi. 19 Agus tabharfaidh mé duit eochracha Ríocht na bhflaitheas; rud ar bith a cheanglaíonn tú ar talamh beidh sé ceangailte ar Neamh, agus rud ar bith a scaoileann tú ar talamh beidh sé scaoilte ar Neamh.” 20 Chuir sé mar acht ar na deisceabail ansin gan a rá le duine ar bith gurbh é féin an Críost. An Pháis agus an tAiséirí An Chros agus an Choróin 21 Ón uair sin amach, thosaigh Íosa dá thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go hIarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá. 22 Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó: “Go bhfóire Dia ort, a Thiarna,” ar seisean, “agus i bhfad uait sin!” 23 Ach dʼiompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! Is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i dʼaigne ach smaointe daoine.” 24 Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Más áil le haon duine a bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé. 25 Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall orm-sa, gheobhaidh sé é. 26 Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a dʼfhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam? 27 Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne. 28 Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh Mac an Duine feicthe acu ag teacht ina Ríocht.” |
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.