Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 16:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus do‐rinneadar machtnamh eadortha féin, g‐á rádh, Ní thugamar aon arán linn. Agus thug Íosa fá deara é,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Agus bhí siad á chíoradh acu eatarthu féin, agus iad á rá, “Níor thugamar aon arán linn.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Acht thoisigh siad-san a mhachtnamh ina n-aigne, ag rádh: Mar nach dtugamar arán linn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus do thagradarsin eatorra féin, ag rádh, Is ar son nach dtugamar arán linn.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus dheineadar-san machtnamh ’n-a n-aigne, ’ghá rádh, Níor thugamar arán linn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Ach bhí siad-san ag machnamh mar seo ina gcroí: “Mar nár thugamar an t-arán linn.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Ach bhí siadsan ag machnamh mar seo ina gcroí: “Mar nár thugamar an t‑arán linn.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 16:7
9 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt Íosa leo, Tabhraidh aire agus seachnaidh laibhín na bhFairisíneach agus na Saddúicíneach.


agus adubhairt sé, A dhaoine an lag‐chreidimh, cad chuige dhaoibh bheith ag déanamh machtnaimh eadraibh féin, toisc gan aon arán bheith agaibh?


Baisteadh Eoin, cia uaidh a dtáinig sé? ó neamh nó ó dhaoinibh? Agus do‐rinneadar diospóireacht le n‐a chéile, g‐á rádh, Má deirimíd, Ó neamh; adéarfaidh seisean linn, Cad chuige, mar sin, nár chreideabhar é?


Agus do choimhéadadar an focal sin aca féin, ’g‐a fhiafraighe d’á chéile, Cad é an chiall atá leis sin, aiséirghe ó na marbhaibh?


Agus tharla, agus iad ag cainnt agus ag cómhrádh le chéile, gur tharraing Íosa féin ’n‐a n‐aice, agus gur shiubhail sé i n‐éinfheacht leo.


Agus d’éirigh conspóid eadortha, d’fhéachain cia aca dhíobh ba mhó.


Acht adubhairt Peadar, Ní dhéanfainn sin, a Thighearna; óir éinnidh coitcheann ná neamh‐ghlan níor itheas riamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí