Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 16:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus adubhairt Íosa leo, Tabhraidh aire agus seachnaidh laibhín na bhFairisíneach agus na Saddúicíneach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Arsa Íosa leo, “Tugaigí aire agus seachnaígí laibhín na bhFairiséach agus na Sadúcéach.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Agus dubhairt seisean leo: Tabhairigidh aire agus seachnaigidh deascaidh na bhFairisíneach agus na Sadducach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus a dubhairt Iosa ríu, Tabhruidh dá bhur naire agus coimhheaduigh sibh ó laibhín na Bhphairisíneach agus na Saduichineach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus dubhairt sé leó: Féachaidh agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Dúirt Íosa leo: “Bígí aireach do bhur seachaint féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Dúirt Íosa leo: “Bígí aireach do bhur seachaint féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 16:6
15 Tagairtí Cros  

Agus tháinig na Fairisínigh agus na Saddúicínigh, agus, chum triail do bhaint as, d’iarradar air cómhartha ó neamh do thaisbeáint dóibh.


Cad chuige nach dtuigeann sibh nach d’arán do bhíos ag tagairt. Acht seachnaidh laibhín na bhFairisíneach agus na Saddúicíneach.


Do thuigeadar annsin nárbh é laibhín an aráin adubhairt sé leo a sheachaint, acht teagasc na bhFairisíneach agus na Saddúicíneach.


Agus tháinig na deisceabail chum tíre ar an taobh thall agus do dhearmadar arán do bhreith leo.


Agus do‐rinneadar machtnamh eadortha féin, g‐á rádh, Ní thugamar aon arán linn. Agus thug Íosa fá deara é,


Acht nuair do chonnaic sé mórán de na Fairisíneachaibh agus de na Saddúcíneachaibh ag teacht chum baiste d’fhágháil uaidh, adubhairt sé leo‐san: A shliocht na nathrach nimhe, cia d’fhógair orthaibh‐se teicheath ó’n díbhfheirg atá le teacht?


Agus thug sé foláireamh dhóibh, ’g‐á rádh, Féachaidh, seachnaidh laibhín na bhFairisíneach, agus laibhín Ioruaith.


Fá’n am sin, nuair do bhí na mílte móra ag cruinniú le chéile, i dtreo go rabhadar ag satailt ar a chéile, do thosnuigh sé ar a rádh le n‐a dheisceablaibh ar dtús, Seachnaidh laibhín na bhFairisíneach, is é sin an fuar‐chrábhadh.


Agus adubhairt sé leo, Tabhraidh aire, agus seachnaidh sibh féin ar an tsainnt: óir ní i bhflúirse a bhfuil aige atá beatha an duine.


Annsin adubhairt na deisceabail eadortha féin, An féidir go dtug aoinneach rud le n’ithe chuige?


Is leor beagán laibhín do’n chnap ar fad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí