Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 16:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus dubhairt sé leó: Féachaidh agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Arsa Íosa leo, “Tugaigí aire agus seachnaígí laibhín na bhFairiséach agus na Sadúcéach.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Agus dubhairt seisean leo: Tabhairigidh aire agus seachnaigidh deascaidh na bhFairisíneach agus na Sadducach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus adubhairt Íosa leo, Tabhraidh aire agus seachnaidh laibhín na bhFairisíneach agus na Saddúicíneach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus a dubhairt Iosa ríu, Tabhruidh dá bhur naire agus coimhheaduigh sibh ó laibhín na Bhphairisíneach agus na Saduichineach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Dúirt Íosa leo: “Bígí aireach do bhur seachaint féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Dúirt Íosa leo: “Bígí aireach do bhur seachaint féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 16:6
15 Tagairtí Cros  

Ansan do tháinig chuige na Fairisínigh agus na Sadducínigh chun triail a bhaint as; agus d’iarradar air cómhartha ó neamh do thaisbeáint dóibh.


Cad ’n-a thaobh ná tuigeann sibh nách i dtaobh aráin adubhart, Seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach?


Ansan do thuigeadar ná dubhairt sé gur bh’é giost an aráin a bhí le seachaint, ach teagasg na bhFairisíneach agus na Sadducíneach.


Agus nuair a tháinig a dheisgiobuil treasna na faraige, dhearmhadadar arán a thabhairt leó.


Agus dheineadar-san machtnamh ’n-a n-aigne, ’ghá rádh, Níor thugamar arán linn.


Agus chonaic sé mórán des na Fairisínigh agus des na Sadducíneachaibh ag teacht chun an bhaiste chuige, agus dubhairt sé leó: A shliocht na n-aithreach nimhe, cé chuir ar bhúr súilibh daoíbh-se an fhearg atá chúghaibh do sheachnadh?


Agus thug sé foláramh dóibh agus dubhairt: Féachaidh, agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus giost Héróid.


Agus nuair a bhí sluaighte móra ’n-a thímpal, i dtreó go rabhadar ag satailt ar a chéile, do thusnuigh sé ar a rádh le n-a dheisgiobuil; Seachnaidh sibh féin ar ghiost na bhFairisíneach, an nídh is cealgaireacht.


Agus dubhairt sé leó-san: Féach, seachnaidh gach saint; óir ní sa bhflúirse atá ag aoinne, de sna neithe is leis, atá a bheatha.


Agus dubhairt na deisgiobuil eatartha féin: An féidir gur thug aoinne rud le n-ithe chuige?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí