Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 16:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus tháinig na Fairisínigh agus na Saddúicínigh, agus, chum triail do bhaint as, d’iarradar air cómhartha ó neamh do thaisbeáint dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Tháinig na Fairiséigh agus na Saducéigh, agus ó bhí fonn orthu féachaint a chur air, dʼiarr siad air comhar­tha ó neamh a thaispeáint dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus tháinic na Fairisínigh agus na Sadducaigh chuige a chur féachála air: agus d’iarr siad air cómhartha ó neamh a thaisbeáint dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus ag teachd do na Pharisineachaibh agus do na Sadduichíneachuibh, a cur cathuighthe air do iárradar air comhartha do thaisbéanadh ó neamh dhóibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Ansan do tháinig chuige na Fairisínigh agus na Sadducínigh chun triail a bhaint as; agus d’iarradar air cómhartha ó neamh do thaisbeáint dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus dʼiarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus d'iarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 16:1
33 Tagairtí Cros  

Acht d’imthigh na Fairisínigh amach, agus do chuadar i gcómhairle le chéile ’n‐a choinnibh, chum go millfidís é.


Annsin tháinig Fairisínig agus scríobhaidhthe ó Iarúsalem chum Íosa, g‐á rádh,


Agus adubhairt Íosa leo, Tabhraidh aire agus seachnaidh laibhín na bhFairisíneach agus na Saddúicíneach.


Agus tháinig Fairisínigh chuige g‐á thriail, agus iad g‐á rádh, An dleaghthach do dhuine a bhean do chur uaidh ar adhbhar ar bith?


Annsin d’imthigh na Fairisínigh, agus do chuadar i gcómhairle g‐á mheabhrú cionnas do chuirfidís i dteannta é sa gcainnt.


Acht d’aithin Íosa a mailís, agus adubhairt sé, Cad chuige dhaoibh bheith ag cur cathuighthe orm, a lucht an fhuar‐chrábhaidh?


An lá céadna sin tháinig chuige Saddúicínigh, daoine adeir nach bhfuil aiséirghe ann:


g‐á rádh, Suidheann na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh i gcathaoir Mhaoise: ar an adhbhar sin,


Agus lá ar n‐a bhárach, an lá tar éis an Ullmuighthe, do bhí uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh cruinnighthe le chéile i láthair Phioláid, agus adubhradar,


Óir adeirim libh, muna sáruighidh bhur bhfíréantachtsa fíréantacht na scríobhaidhe agus na bhFairisíneach, nach rachaidh sibh isteach i ríoghacht na bhflaitheas ar chor ar bith.


Agus nuair do chonnaic na Fairisínigh sin adubhradar le n‐a dheisceablaibh, Cad chuige a n‐itheann bhúr Máighistir biadh i bhfochair na bpoibleacán agus na bpeacach?


Agus tháinig na Fairisínigh chuige, agus d’fhiafruigheadar de, ’g‐a thriail. An dleaghthach d’fhear a bhean do chur uaidh?


An dtiubhraimíd i, nó nach dtiubhraimíd? Acht d’aithin seisean a gcealg, agus adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheith ag cur cathuighthe orm? tabhraidh pinginn chugam go bhfeicead í.


Agus tháinig Saddúicínigh chuige, daoine adeir nach bhfuil aiséirghe ann; agus d’fhiafruigheadar de, ’g‐a rádh,


Agus féach, d’éirigh fear dlighe ’n‐a sheasamh, agus do bhain sé triail as, g‐á rádh, A Mháighistir, créad atá le déanamh agam chum na beathadh síorraidhe d’fhágháil mar oighreacht.


Agus d’iarr cuid eile aca cómhartha ó neamh air, g‐á thriail.


Acht d’aithin sé a gcealg, agus adubhairt sé leo, Taisbeánaidh pinginn dom.


Agus tháinig chuige roinnt de na Saddúicíneachaibh, daoine adeir nach bhfuil aiséirghe ann; agus d’fhiafruigheadar de,


Acht g‐á thriail adubhradar é sin, le súil go bhféadfaidís rud éigin do chur ’n‐a leith. Acht do chrom Íosa síos, agus do bhí sé ag scríobhadh le n‐a mhéir ar an talamh.


Agus an fhaid do bhíodar ag labhairt leis na daoinibh, tháinig na sagairt agus árd‐fheadhmannach an teampaill ortha,


Acht d’éirigh an t‐árd‐shagart, agus siad‐san do bhí ’n‐a fhochair (aicme na Saddúicíneach), agus iad lán d’éad,


Óir gidh go n‐iarrann na h‐lúdaigh cómhartha, agus go n‐iarrann na Gréagaigh eagna:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí