Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 16:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus d'iarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Tháinig na Fairiséigh agus na Saducéigh, agus ó bhí fonn orthu féachaint a chur air, dʼiarr siad air comhar­tha ó neamh a thaispeáint dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus tháinic na Fairisínigh agus na Sadducaigh chuige a chur féachála air: agus d’iarr siad air cómhartha ó neamh a thaisbeáint dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus tháinig na Fairisínigh agus na Saddúicínigh, agus, chum triail do bhaint as, d’iarradar air cómhartha ó neamh do thaisbeáint dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus ag teachd do na Pharisineachaibh agus do na Sadduichíneachuibh, a cur cathuighthe air do iárradar air comhartha do thaisbéanadh ó neamh dhóibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Ansan do tháinig chuige na Fairisínigh agus na Sadducínigh chun triail a bhaint as; agus d’iarradar air cómhartha ó neamh do thaisbeáint dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus dʼiarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 16:1
33 Tagairtí Cros  

Tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoise le heagla go measfadh sé go raibh aige gaois.


Ach tar éis do na Fairisínigh dul amach, rinne siad comhairle le chéile ina aghaidh chun go millfidís é.


Tháinig ó Iarúsailéim ansin ag triall ar Íosa Fairisínigh agus scríobhaithe a dúirt:


Dúirt Íosa leo: “Bígí aireach do bhur seachaint féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus na Sadúcach.”


Tháinig Fairisínigh chuige agus dúirt leis, ag baint trialach as: “An dleathach do dhuine a bhean a scaoileadh uaidh ar gach uile shórt cúise?”


D'imigh na Fairisínigh ansin ag déanamh comhairle le chéile chun go mbéarfaidís i ngaiste air sa chaint,


Ach bhí a fhios ag Íosa an mhallaitheacht a bhí iontu agus dúirt: “Cad ab áil libh ag baint trialach asam, a bhréagchráifeacha? Taispeánaigí bonn na cánach dom,”


Tháinig Sadúcaigh chuige an lá céanna - dream a deir nach bhfuil aiséirí ar bith ann - agus chuir siad ceist air:


“Tá na scríobhaithe agus na Fairisínigh ina suí i gcathaoir Mhaois,


Lá arna mhárach, is é sin le rá, an lá tar éis an ullmhaithe, chuaigh na hardsagairt agus na Fairisínigh i dteannta a chéile go dtí Pioláit


Óir deirim libh, mura mbíonn barr fíréantachta agaibh ar a mbíonn ag na scríobhaithe agus ag na Fairisínigh, is cinnte nach rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas.


Nuair a chonaic na Fairisínigh é sin, dúirt siad lena dheisceabail: “Cén fáth a mbíonn bhur máistir ag ithe leis na poibleacánaigh agus na peacaigh?”


Tháinig Fairisínigh chuige agus d'fhiafraigh siad de, ag baint trialach as: “An dleathach do dhuine a bhean a scaoileadh uaidh?”


Ach bhí a fhios ag Íosa an fhimíneacht a bhí iontu agus dúirt sé leo: “Cad ab áil libh ag baint trialach asam? Tugaigí chugam déanar go bhfeicfidh mé.”


Ansin tháinig chuige Sadúcaigh - iad seo a shéanann an t‑aiséirí a bheith ann - agus chuir siad ceist air:


D'éirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, á phromhadh: “A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”


Agus bhí cuid eile acu ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, á phromhadh.


Ach thuig sé a gceilg agus dúirt leo:


Tháinig chuige ansin cuid de na Sadúcaigh - iad seo a shéanann aiséirí a bheith ann -


Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh.


Fad a bhí siad ag caint leis an slua, tháinig na sagairt agus ceannfort an Teampaill agus na Sadúcaigh suas chucu


Ansin chuir an t‑ardsagart chun oibre, é féin agus a pháirtithe go léir d'aicme na Sadúcach.


Bíonn na Giúdaigh ag iarraidh “comharthaí” agus na Gréagaigh ag iarraidh “eagna,”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí