Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 16:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus d’fhreagair Síomón Peadar, agus adubhairt, Is tú an Críost, Mac Dé bhí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Dʼfhreagair Síomón Peadar, “Is tú an Críost, Mac an Dé bhí.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 D’fhreagair Síomon Peadar, agus dubhairt: Is tú an Críost, Mac an Dé Bhí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus ar bhfreagra do Shímón Peadar a dubhairt sé, Is tusa Criósd, Mac Dé bhí.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus d’fhreagair Símón Peadar agus dubhairt: Is tú Críost Mac Dé Bhí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Dúirt Síomón Peadar dá fhreagairt: “Is tú an Críost, Mac Dé bheo.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Dúirt Síomón Peadar á fhreagairt: “Is tú an Críost, Mac Dé bheo.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 16:16
38 Tagairtí Cros  

agus do ghein Mattán Iácób; agus do ghein Iácób Seosamh, fear Mhuire, ó n‐ar geineadh Íosa d’á ngoirthear Críost.


Agus na daoine do bhí sa mbád, d’adhradar é, g‐á rádh, Go fírinneach is tusa Mac Dé.


Adubhairt sé leo, Acht cia h‐é adeir sibh‐se gur mé?


Acht d’fhan Íosa ’n‐a thost. Agus adubhairt an t‐árd‐shagairt leis, Iarraim ort, i n‐ainm Dé bhí, a innsin dúinn an tú an Críost, mac Dé.


Agus an ceanntúir, agus na daoine do bhí ’n‐a fhochair ag faire ar Íosa, nuair do chonnacadar an crioth talmhan agus gach a dtarla, tháinig eagla mhór ortha,


Agus tháinig an t‐aidhbheirseoir, agus adubhairt sé leis, Má’s tusa Mac Dé, órduigh arán do dhéanamh de na clochaibh seo.


Acht d’fhan seisean ’n‐a thost, agus ní thug sé freagra ar bith. Agus d’fhiafruigh an t‐árd‐shagart de arís, agus adubhairt sé leis, An tusa Críost, Mac Dé Bheannuighthe?


óir atá Slánuightheoir beirthe dhaoibh indiu, is é sin Críost an Rí, i gcathair Dháibhi.


D’fhreagair Natanaél agus adubhairt sé, A Rabbí, is tusa Mac Dé; is tusa Rí Israel.


Adubhairt sise leis, Creidim, A Thighearna: creidim gur tusa an Críost, Mac Dé, do bhí le teacht ar an saoghal.


acht do scríobhadh an méid seo chum go gcreidfeadh sibh gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideamhain, go mbéadh an bheatha agaibh ’n‐a ainm‐sean.


Fá mar chuir an t‐Athair sír‐bheo mise uaidh, agus gur tríd an Athair mhairimse: mar an gcéadna an té itheas mise, is tríom‐sa mhaireas sé.


D’fhreagair Síomón Peadar é, A Thighearna, cia chum a rachaimís? is agat‐sa atá briathra na beathadh síorraidhe.


Agus creidimíd‐ne, agus atá a fhios againn gur tusa Aon Naomhtha Dé.


ag liúghadh agus g‐á rádh, A dhaoine, créad do b’áil libh a leithéid sin do dhéanamh? Daoine go bhfuil an nádúir chéadna againn agus atá agaibh féin, is eadh sinne, agus atáimíd ag tabhairt deagh‐scéala dhaoibh, go gcaithfidh sibh iompódh ó na neithibh baotha sin chum Dé bhí, do chruthuigh neamh, agus talamh, agus muir, agus a bhfuil ionnta:


Agus san tslighe dhóibh, thángadar mar a raibh uisce; agus adubhairt an coillteánach, Féach, an t‐uisce; Créad atá ag cur coisc lem’ bhaisteadh?


Agus ar ball, ins na sionagógaibh, do chraobhscaoil sé Íosa, gur ab é Mac Dé é.


do dearbhuigheadh bheith ’n‐a Mhac do Dhia le cumhacht do réir spioraid na naomhthachta, tré aiséirghe ó na marbhaibh; Íosa Críost ár dTighearna,


Óir Íosa Críost, Mac Dé, do sheanmóireamar daoibh, is é sin mise agus Silbhánus agus Timótéus, níor ’seadh agus ní h‐eadh é, acht ní fhuil ann acht ’seadh i gcómhnaidhe.


mar is léir gur sibh litir Chríost do cuireadh fá n‐ár gcúram, litir do scríobhadh, ní h‐é le dubhach, acht le Spiorad Dé bhí; ní h‐é ar tháibhléadaibh cloiche, acht ar tháibhléadaibh feola.


Agus cia an cóimhcheangal atá idir teampall Dé agus íodhla? óir is sinne teampall Dé bhí; mar adubhairt Dia, Déanfad cómhnaidhe ’n‐a measc, agus siubhalfad ’n‐a measc; béidhead‐sa im’ Dhia aca, agus béidhid‐sean ’n‐a bpobal agam‐sa.


Óir do‐bheir siad féin tuairisc ’n‐ár dtaobh, cionnas mar chuadhamar isteach chugaibh; agus cionnas mar thionntuigheabhar ó íodhalaibh chum seirbhís do dhéanamh do’n Dia beo, fíor,


acht má ghním moill, chum go dtuigidh tú cionnas ba cheart duit thú féin d’iomchar i dteaghlach Dé, is é sin eaglaif Dé bhí, colamhan agus crann cosanta na fírinne.


Óir chuige sin is eadh atáimíd ag saothrú agus ag spairn, toisc ár muinighin bheith againn as an Dia beo, slánuightheoir na ndaoine uile, an méid aca chreideas, go mór‐mhór.


agus arís, Bhéarfaidh an Tighearna breith ar a phobal. Is mór is cúis eagla tuitim idir lámhaibh an Dé bheo.


acht is amhlaidh atá sibh tagtha go Sliabh Síoin, go cathair an Dé bhí, go h‐Iarúsalem neamhdha, agus go dtí na mílte as cuimse de shluaightibh na n‐aingeal,


Tabhraidh aire, a bhráithre, ar eagla go mbéadh droch‐chroidhe dí‐chreidmheach am ar bith i n‐aon duine agaibh, go dtréigfeadh sibh an Dia beo:


nach mó go mór dhéanfas fuil Chríost, an té d’íodhbair é féin gan smál do Dhia, tríd an Spiorad síorraidhe, bhur gcoinsias do ghlanadh ó ghníomharthaibh marbha chum seirbhís do dhéanamh do’n Dia síorraidhe?


Cibé duine admhóchas gur ab é Íosa Mac Dé, cómhnuigheann Dia ann, agus cómhnuigheann seisean i nDia.


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn chum an té atá fírinneach d’aithint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneach, ’n‐a Mhac Íosa Críost.


Agus cia h‐é bhuadhas ar an saoghal acht an té chreideas gur ab é Iosa Mac Dé?


Agus do chonnacas aingeal eile ag teacht anoir, agus séala an Dé bhí aige: agus do ghlaodh sé de ghuth árd ar na ceithre h‐ainglibh go raibh tugtha de chead dóibh dochar do dhéanamh do’n talamh agus do’n fhairrge,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí