Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 16:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Acht d’iompuigh seisean, agus adubhairt sé le Peadar, Druid siar uaim, a Shátain: atáir‐se id’ cheap tuisle dhom: óir ní fhuil do dhearcadh ar a mbaineann le Dia, acht ar a mbaineann le daoinibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 Agus is é rud, thiontaigh sé thart timpeall agus ar seisean le Peadar, “Gabh ar gcúl uaim, a Shátain! Tá tú i do dhris chosáin dom; mar ní thaobhaíonn tú le Dia, ach le daoine.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Acht thionntuigh seisean, agus dubhairt le Peadar: Siar mo dhiaidh leat, a Shatain, is scainneal damh thú: óir ní h-iad na neithe a bhaineas le Dia a thaitneas leat, acht na neithe a bhaineas le daoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Achd ar gcasadh dhósan, a dubhairt sé ré Peadar, Imthigh am dhiaigh, a Shátain: is scannail dhamh thú: oir ní thuigeann tú na neithe bheanas ré Diá, achd na neithe bheanas ré dáoinibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Agus d’iompuigh seisean agus dubhairt sé le Peadar: Imthigh lastiar díom a Shátain; cuireann tu seirbhthean orm; mar ní h-iad na neithe a bhaineann le Dia a thaithneann leat-sa ach na neithe a bhaineann le daoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 Ach dʼiompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! Is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i dʼaigne ach smaointe daoine.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

23 Ach d'iompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i d'aigne ach smaointe daoine.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 16:23
19 Tagairtí Cros  

Agus thug Peadar é i leathtaoibh, agus do thosnuigh sé ar a cheartú, g‐á rádh, I bhfad uait‐se é sin, a Thighearna: ní thiocfaidh sin ort choidhche.


Is mairg do’n tsaoghal mar gheall ar na scannalaibh! ní foláir do na scannalaibh teacht; acht cheana is mairg do’n duine tré n‐a dtig an scannal!


agus mé d’adhradh. Annsin adubhairt Íosa leis, Imthigh, a Shátain: óir atá scríobhtha, Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus is dó‐san amháin do, ghéanaidh tú seirbhís.


Acht ar chasadh thart, agus ar fheicsin a dheisceabal dó, do cheartuigh sé Peadar, agus adubhairt sé, Imthigh taobh thiar díom, a Shátain: óir ní h‐iad neithe Dé is mian leat‐sa acht neithe daoine.


Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Atá scríobhtha, Adharfaidh tú an Tighearna, do Dhia, agus is dó‐san amháin dhéanfasse tú irbhís.


D’fhreagair Íosa dhóibh, Nár thoghas‐sa sibh‐se, dáréag, agus duine agaibh ’n‐a dhiabhal?


Uime sin ná bímís ag breith breithe ar a chéile a thuilleadh; acht ’n‐a ionad sin tabhraidh aire gan ceap tuislidh, ná adhbhar tuitme do chur i mbealach bhur mbráthar.


Is é is ceart gan feoil d’ithe, ná rud ar bith do dhéanamh do bhéadh ’n‐a thrúig tuislidh dod’ bhráthair.


gur ab é a ndamnú a ndeireadh, gur ab é a mbolg a ndia, agus gur ab é a h‐adhbhar maoidhmheachais a náire, dream chuireas a ndúil i neithibh saoghalta.


Cuiridh bhur ndúil ins na neithibh atá thuas, ní ins na neithibh atá ar talamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí