Matha 16:23 - An Bíobla Naofa 198123 Ach d'iompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i d'aigne ach smaointe daoine.” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)23 Agus is é rud, thiontaigh sé thart timpeall agus ar seisean le Peadar, “Gabh ar gcúl uaim, a Shátain! Tá tú i do dhris chosáin dom; mar ní thaobhaíonn tú le Dia, ach le daoine.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara23 Acht thionntuigh seisean, agus dubhairt le Peadar: Siar mo dhiaidh leat, a Shatain, is scainneal damh thú: óir ní h-iad na neithe a bhaineas le Dia a thaitneas leat, acht na neithe a bhaineas le daoine. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)23 Acht d’iompuigh seisean, agus adubhairt sé le Peadar, Druid siar uaim, a Shátain: atáir‐se id’ cheap tuisle dhom: óir ní fhuil do dhearcadh ar a mbaineann le Dia, acht ar a mbaineann le daoinibh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)23 Achd ar gcasadh dhósan, a dubhairt sé ré Peadar, Imthigh am dhiaigh, a Shátain: is scannail dhamh thú: oir ní thuigeann tú na neithe bheanas ré Diá, achd na neithe bheanas ré dáoinibh. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)23 Agus d’iompuigh seisean agus dubhairt sé le Peadar: Imthigh lastiar díom a Shátain; cuireann tu seirbhthean orm; mar ní h-iad na neithe a bhaineann le Dia a thaithneann leat-sa ach na neithe a bhaineann le daoine. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201223 Ach dʼiompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! Is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i dʼaigne ach smaointe daoine.” Féach an chaibidil |