Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 16:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus ar maidin, Béidh droch‐aimsear ann indiu, óir atá an spéir ag deargadh agus ag dorchú, Atá a fhios agaibh cionnas gné na spéire d’aithint; acht ní féidir libh cómharthaí na h‐aimsire d’aithint.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus ar maidin, ‘Beidh sé doineanta inniu, mar tá spéartha dearga bagarthacha ann’. Bíonn míniú agaibh ar chruth na spéire, ach ní féidir libh comharthaí na haoise a mhíniú.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus ar maidin: Béidh stoirm ann indiu, óir tá an spéar ghruamdha ag deargadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus ar maidin, bíaidh drochaimsear ann a níu: oír a tá an taier ag deargadh agus ag dorchughadh. A luchd an fhúarchrábhaigh, is éol dáoibh gnúis a naier do bhreathnughadh; achd a né nach édir libh comharthuidhe na naimsearach do thuigsin?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus ar maidin, Beidh stoirm ann, mar tá an spéir ag deargadh go dorcha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 agus ar maidin: ‘Déanfaidh sé drochaimsir inniu: tá an spéir dearg, gruama.’ Tuigeann sibh conas dreach na spéire a bhreithniú; an ea nach féidir libh comharthaí na n-aimsirí seo a bhreithniú?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 agus ar maidin: ‘Déanfaidh sé drochaimsir inniu: tá an spéir dearg, gruama.’ Tuigeann sibh conas dreach na spéire a bhreithniú; an ea nach féidir libh comharthaí na n‑aimsirí seo a bhreithniú?

Féach an chaibidil Cóip




Matha 16:3
11 Tagairtí Cros  

atá radharc ag dallaibh, agus siubhlann bacaigh, glantar na lobhair, agus atá éisteacht ag bodhránaibh, aithbheodhtar na mairbh, agus atá an soiscéal d’á innsint do na bochtaibh.


A chealgairí, is maith do‐rinne Ésáias fáidheadóireacht i n‐bhúr dtaobh, g‐á rádh,


Acht d’aithin Íosa a mailís, agus adubhairt sé, Cad chuige dhaoibh bheith ag cur cathuighthe orm, a lucht an fhuar‐chrábhaidh?


Acht is mairg daoibh‐se, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir dúnann sibh ríoghacht na bhflaitheas i n‐éadan na ndaoine: óir ní théigheann sibh féin isteach, agus ní leigeann sibh isteach iad‐san atá ag iarraidh dul isteach.


Agus do ghluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaibh, agus ag craobhscaoileadh soiscéil na ríoghachta, agus ag leigheas an uile ghalair agus breoiteachta i measc na ndaoine.


A bhréig‐fhíréin, bain an tsail as do shúil féin ar dtús; agus annsin chífir go soiléir cionnas an dubhradán do bhaint as súil do bhráthar.


Is mairg daoibh! óir is cuma sibh nó na tuamaí nach bhfeictear, agus nach eol dóibh‐sean shiubhlas ortha iad do bheith ann.


A chealgairí, is eol daoibh gné na talmhan agus na spéire do bhreathnú; acht cad chuige nach eol daoibh gné na h‐aimsire seo do bhreathnú?


Acht d’fhreagair an Tighearna é, agus adubhairt, A bhréigfhíréana, nach scaoileann gach duine agaibh a dhamh nó a asal ó’n mainnséar, lá na sabóide, agus nach gcinnireann sé chum uisce é?


Acht is le h‐aghaidh daoine fásta atá an biadh tacamhail, le h‐aghaidh na ndaoine a mbíonn sé de chleachtadh ag a gcéadfaidhibh corpardha an mhaith d’aithint thar an olc.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí