Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 16:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Óir tiocfaidh Mac an Duine i nglóir a Athar mar aon le n‐a ainglibh; agus annsin chúiteochaidh sé gach aoinneach de réir a ghníomhartha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

27 Mar tá Mac an duine le teacht i nglóir a Athar, é féin agus a aingil, agus san uair úd cúiteoidh sé le gach duine a bhfuil déanta aige.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

27 Óir tiocfaidh Mac an Duine i nglóir a Athar maille le n-a aingle: agus annsin bhéarfaidh sé do gach duine do réir a ghníomhartha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Oír tiocfuidh Mac an duine a nglóir a Athar féin maille lé na ainglibh; agus do bhéara sé an tráthsin dá gach neach do réir a ghniomhartha.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Óir tá Mac an Duine chun teacht i nglóire a Athar mar aon le n-a aingealaibh; agus ansan tabharfaidh sé do gach duine do réir a ghníomhartha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

27 Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

27 Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 16:27
45 Tagairtí Cros  

Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach, agus baileochaidh siad as a ríoghacht gach adhbhar scannail, agus lucht déanta an uilc,


Mar sin bhéas i ndeireadh an tsaoghail: tiocfaidh na h‐aingil amach, agus deaghlóchaid na droch‐dhaoine as lár na bhfíréan,


agus annsin do‐chífear cómhartha Mhic an Duine sa spéir: agus annsin caoidhfidh cinidheacha an domhain, agus do‐chífid Mac an Duine ag teacht ar scamallaibh neimhe le cumhacht agus le sárghlóir.


Acht nuair thiocfas Mac an Duine ’n‐a ghlóir, agus na h‐aingil go léir i n‐éinfheacht leis, suidhfidh sé annsin i gcathaoir a ghlóire:


Adubhairt Íosa leis, Adubhrais é: acht cheana adeirim leat, Chifidh sibh Mac an Duine ’n‐a shuidhe feasta ar dheas‐láimh na h‐uile‐chumhachta, agus é ag teacht ar néalltaibh neimhe.


Agus adubhairt Íosa leis, Atá uachaise ag na sionnachaibh, agus atá neada ag éanlaithibh na spéire; acht ní fhuil ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.


Agus adubhairt Íosa, Is mé: agus do‐chífidh sibh Mac an Duine ’n‐a shuidhe ar láimh dheis na cumhachta, agus é ag teacht le scamallaibh neimhe.


Óir cibé duine lé’r nár mise agus mo bhriathra i láthair an chinéil adhaltrannaigh pheacamhla so, budh nár le Mac an Duine eisean mar ar gcéadna nuair thiocfas sé i nglóir a Athar, i n‐éinfheacht leis na naomh‐ainglibh.


Agus annsin do‐chífid Mac an Duine ag teacht i scamall le cumhacht agus le glóir mhóir.


Acht ó’n tráth so amach béidh Mac an Duine ’n‐a shuidhe ar dheis cumhachta Dé. Agus adubhradar go léir, An tusa Mac Dé, d’á bhrigh sin?


Óir cibé duine gur nár leis mise agus mo bhriathra, budh nár le Mac an Duine eisean, nuair thiocfas sé ’n‐a ghlóir féin, agus i nglóir a Athar agus na naomh‐aingeal.


Adubhairt Íosa leis, Má’s toil liom é d’fhanamhain go dtiocfad, caidé sin duit‐se?


Uime sin do chuaidh an scéal so amach i measc na mbráithreach nach raibh bás i ndán do’n deisceabal sin: acht cheana, ní dhubhairt Íosa leis nach raibh bás i ndán dó: acht, Má’s toil liom é d’fhanamhain go dtiocfad, caidé sin duit‐se?


A fheara Galiléanacha, cad chuige dhaoibh bheith ’n‐bhúr seasamh ag amharc ar spéir neimhe? an t‐Íosa so, atá tógtha suas uaibh isteach ins na flaitheasaibh, tiocfaidh sé ar an gcuma chéadna agus chonnaic sibh é ag dul suas ar neamh.


D’á bhrigh sin bhéarfaidh gach duine againn cunntas ’n‐a thaobh féin do Dhia.


bhearfas do gach duine do réir a ghníomhartha:


Acht gach duine ’n‐a sheal féin: Críost mar chéadtoradh; ’n‐a dhiaidh sin na daoine is le Críost, nuair thiocfas sé.


óir foillseochaidh an lá é, de bhrigh go ndéanfar soiléir é san teinidh; agus déanfaidh an teine féin a chruthú cia an cineál obair gach duine.


Acht ní molfar sinn i bhfiadhnaise Dé ar son bidh; óir muna n‐ithimíd ní miste sinn é, agus má ithimíd, ní fearr‐de sinn é.


Óir caithfimíd uile dul i láthair cathaoireach breitheamhnais Chríost; chum go bhfaigheadh gach aoinneach cúiteamh a ndearna sé san gcolainn, do réir a ghníomhartha, cia aca maith nó olc iad.


agus a fhios agaibh, cibé nidh fóghanta do‐ghní gach aoinneach, go bhfaighidh sé cúiteamh arís ó’n Tighearna, má’s daor nó saor é.


Óir an té do‐ghní an éagcóir, cúiteochar leis do réir na h‐éagcóra atá déanta aige,


agus chum bheith ag feitheamh le teacht a Mhic ó neamh, an té do thóg sé ó na marbhaibh, Íosa fhuasclas ó’n díbheirg atá le teacht sinn.


Óir tiocfaidh an Tighearna ó na flaitheasaibh anuas le gáir, le guth an árd‐aingil, agus le glór stuic Dé: agus is iad na mairbh i gCríost is túisce éireochas:


Bidhidh foighdeach d’á bhrigh sin, a bhráithre, go teacht an Tighearna. Féach, bíonn an scológ ag fanamhain le toradh luachmhar na talmhan, agus é go foighdeach ’n‐a thaobh, nó go bhfaighidh sé fearthainn an earraigh agus fearthainn an fhóghmhair.


Agus má ghlaodhann sibh airsean mar Athair, do‐bheir breith do réir oibre gach duine, gan meas do thabhairt ar phearsain duine seachas a chéile, caithidh aimsear bhur ndeoraidheachta le h‐eagla:


Anois, a chlann bheag, cómhnuighidh ann, ionnas, má foillsightear é, go mbéidh uchtach againn, gan náire bheith orainn nuair thiocfas sé.


Is d’á leithéidibh sin do rinne Énoch, duine de’n seachtmhadh glún ó Ádhamh, tarngaireacht, g‐á rádh, Féach, atá an Tighearna tagtha leis na míltibh móra d’á naomhaibh,


Féach, atá sé ag teacht leis na néalltaibh; agus chífidh gach súil é, agus an dream do rop é; agus caoinfidh treabha uile an domhain d’á bhárr. Mar sin bhéas. Amen.


Agus imreochad bás ar a clainn; agus tuigfidh na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduigheas na dubháin agus na croidheacha: agus do‐bhéarfad do gach duine agaibh do réir bhur ngníomhartha.


Agus do chonnacas na mairbh, idir bheag agus mhór, ’n‐a seasamh os cómhair na righ‐chathaoireach; agus do foscladh na leabhair: agus do foscladh leabhar eile, is é leabhar na beathadh é: agus tugadh breitheamhnas ar na marbhaibh as a raibh scríobhtha ins na leabhraibh, do réir a ngníomhartha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí