Matha 16:26 - An Bíobla Naofa 198126 Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)26 “Mar cad é an tairbhe do dhuine, an domhan uile a ghnóthú agus a bheo féin a chailleadh leis? Nó cad í an iocaíocht a thabharfaidh duine uaidh lena bheo féin a fháil ar ais? Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara26 Óir cad é is feárrde duine, dá ngnóthuigheadh sé an domhan uilig, agus a anam féin a chailleamhaint? Nó cad é bhéarfas duine i n-éiric a anama? Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)26 Óir cad é a thairbhe do dhuine dá ngnóthuigheadh sé an domhan go h‐iomlán, agus a anam do chailleamhain? nó cad í an mhalairt dhéanfas duine ar a anam féin? Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)26 Oír créd é a tharbha do dhuine, da ngnodhuigheadh sé an domhan uile, agus a anam féin do leígean a mugha? No créd í an mhalairt do bheuradh duine ar son anma féin. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)26 Mar, cad é an tairbhe do dhuine an domhan go léir a bhuachtaint, má dheineann sé a anam féin a chailleamhaint? nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam féin? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201226 Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a dʼfhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam? Féach an chaibidil |