Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 16:18 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus deirim-se leat-sa gur Peadar tú, agus is ar an gcaraig seo a chuirfead-sa suas m’eaglais, agus ní bhuadhfaid geataí ifrinn uirthi.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 Agus insím duit é, is tú Peadar, agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mise mʼeaglais-se, agus ní bhuafaidh cumhachtaí an bháis uirthi.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Agus deirim-se leat gur tusa Peadar, agus is ar an charraig sin a thógfas mé m’eaglais, agus ní bhéarfaidh geaftaí ifrinn buaidh uirthí.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus adeirim‐se leat gur tusa Peadar, agus gur ar an gcarraig seo thógfad‐sa m’eaglais; agus nach mbuaidhfidh geataí ifrinn uirthi.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus a deirimsi riot, Gur ab tusa Peadar, agus gur ab ar an gcarruicsi thóigeabhus misi méagluis féin; agus nach béaruid geatuidhe ifeirn búaidh uirrthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 Agus deirim-se leat-sa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé mʼeaglais, agus ní bhuafaidh geataí Ifrinn uirthi.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

18 Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m'eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 16:18
42 Tagairtí Cros  

Agus sidiad ainimneacha an dáréag aspol: Símón an chéad duine, agus Peadar a tugtar air; agus Aindrias a dhritháir.


Agus tusa, a Chapharnaum, an suas go flathas Dé a tógfar tú? Síos go h-ifreann iseadh a curfar thú; óir dá mba i Sodomaibh a déanfaí na fearta a deineadh ionat-sa, b’fhéidir go mbeadh an chathair sin ann do dtí an lá so.


Agus mura n-éistidh sé leó san, innis do’n eaglais é; agus mura n-éistidh sé leis an eaglais, bíodh sé ’n-a phágánach nó ’n-a phuibliocánach agat.


Agus bhí Íosa ag siubhal i n-aice mara Ghaililí, agus chonaic sé beirt drithár, Símón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a dhritháir, agus iad ag cur lín amach sa bhfaraige (mar iasgairí ab eadh iad),


Gach duine, d’á bhrígh sin, a chloiseann an chaint seo adeirim-se agus do dheineann beart d’á réir, samhlófar é le duine ciallmhar a dhein a thigh ar an gcaraig.


Agus thug sé leis é ag triall ar Íosa. Agus d’fhéach Íosa air, agus dubhairt sé: Tusa Símón mac Ióna. Tabharfar ort Céphas (eadhon Peadar).


Agus iad ag moladh Dé agus báidh ag na daoine go léir leó. Agus bhí an Tighearna, i n-aghaidh an lae, ag méadú na bhuidhne a bhí le sábháil.


Tugaidh aire dhaoibh féin agus do’n tréad go léir, ar ar chuir an Spioraid Naomh sibh i n-bhúr n-easbogaibh ag riaghladh eaglaise Dé a cheannuigh sé le n-a chuid fola féin.


Ansan do deinead, ins na laethibh sin íde ana-dhian ar an eaglais a bhí i nIerúsalem agus do sgaipeadh na daoine go léir tré chríochaibh Iúdaéa agus Shamaría, ach amháin na h-Aspoil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí